MTV Unplugged in New York
| MTV Unplugged in New York | |
|---|---|
| Albam le Nirvana | |
| Seolta | 1 Samhain, 1994 |
| Stíl | Rac malartach, grúinse |
| Fad | 53 nóiméad 50 soicind |
| Lipéad | David Geffen Co, Sub Pop |
| Léiritheoir | Scott Litt, Alex Coletti, Nirvana |
| Albaim eile le Nirvana | |
|
|
Albam beo ón bhanna rac-cheol (nó grúinse) Meiriceánach Nirvana é MTV Unplugged in New York, agus an ceann deireanach a thaifead siad nuair a bhí Kurt Cobain fós beo. Taifeadadh an ceirnín i gCathair Nua-Eabhraic ar an 18 Samhain 1993 mar chuid den tsraith MTV Unplugged, an clár mór le rá ar an stáisiún ceoil MTV. Seó fuaimiúil a bhí ann, ina sheinn an grúpa roinnt amhráin as na ceirníní a bhí seolta acu os comhair lucht féachana beag.
Bhain Nirvana geit as MTV agus an lucht féachana nuair a thóg siad an banna doiléir Meat Puppets suas ar an ardán leo, chun cúpla amhrán a chasadh. Chomh maith le sin, níor sheinn siad a lán de na hamhráin cáiliúla a bhí acu ag an am, ach ábhar gan iomrá ó cheoltóirí eile ar nós David Bowie, Leadbelly agus The Vaselines.
Níor eisíodh ach ceann amháin de na rianta mar shingil, an t-amhrán About a Girl a shroich barr na gcairteacha i Meiriceá.
[athraigh] Clár
- About A Girl 3:37
- Come As You Are 4:13
- Jesus Doesn't Want Me for a Sunbeam 4:37
- The Man Who Sold The World 4:20
- Pennyroyal Tea 3:40
- Dumb 2:52
- Polly 3:16
- On a Plain 3:44
- Something in the Way 4:01
- Plateau 3:38
- Oh, me 3:26
- Lake of Fire 2:55
- All Apologies 4:23
- Where Did You Sleep Last Night 5:08
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.