Ichiyō Higuchi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIchiyō Higuchi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 樋口一葉
Beathaisnéis
Breith(ja) 樋口奈津
2 Bealtaine 1872
Tóiceo (Impireacht na Seapáine)
Bás23 Samhain 1896
24 bliana d'aois
Uchisaiwaichō (Impireacht na Seapáine)
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Áit adhlacthaReilig Yanaka Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Airde140.9 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir, file tanka Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1891 –  1896
TeangachaAn tSeapáinis
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0383678 Find a Grave: 9916856 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar Seapánach ba ea Ichiyō Higuchi (樋口 一葉 Higuchi Ichiyō) (2 Bealtaine 1872 - 23 Samhain 1896), bean a baisteadh mar Natsu Higuchi (樋口 奈津 Higuchi Natsu) agus a dtugtar Natsuko Higuchi (樋口 夏子 Higuchi Natsuko) uirthi freisin.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de shliocht samúraíoch í Higuchi, agus rugadh í sa ré Meiji i dTóiceo. Bhí sí siúlach agus d'aistrigh sí ó theach go teach dhá uair déag. I gceann a ceithre bliana déag d'fhreastail sí ar an Haginoya, scoil filíochta, ach nuair a bhí sí cúig bliana déag cailleadh a deartháir agus chlis gnó a athar. Is gearr go bhfuair sé bás, rud a d'fhág Higuchi mar cheann an teaghlaigh in aois a seacht mbliana déag.

Tháinig sí féin, a máthair agus an deirfiúr ab óige aici i dtír le níochán, le fuáil agus le hobair eile den saghas sin. Nuair a chonaic sí cé chomh maith is a d'éirigh le Yabu no uguisu ("Éin Cheoil sa Gharrán," 1888), úrscéal le Kaho Tanabe (田辺花圃 - Tanabe Kaho 1868-1943), seanpháirtí scoile, shocraigh sí ar dhul le scríbhneoireacht chun a teaghlach a cothú.

5000 yen

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an chéad úrscéal ó lámh Higuchi in aois a fiche bliain agus é scríofa faoin ainm Ichiyō. Sa bhliain 1894 foilsíodh Ōtsugomori (大つごもり - "Oíche Chinn Bhliana"), an chéad mhórshaothar aici, agus lean scéalta eile é a fuair ardmholadh ó gháthléitheoirí agus ó léirmheastóirí araon: Takekurabe, Nigorie (にごりえ - "Cúrsaí Corracha") agus Jūsan'ya (十三夜|| - "An Tríú hOíche Dhéag").

Sa bhliain 1896 fuair sí bás le heitinn, galar a tholg sí tamaillín roimhe sin. Níor phós sí riamh, cé go bhfuair sí tairiscint agus í fiche bliain d'aois.

Cuimhneachán

Tá ardmheas fós ar a saothar, agus áirítear í mar an gcéad bhanscríbhneoir proifisiúnta nua-aoiseach sa tSeapáin.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Robert Lyons Danly. A study of Higuchi Ichiyō. Yale University, 1980.
  • Robert Lyons Danly. In the Shade of Spring Leaves: The Life and Writings of Higuchi Ichiyō. New Haven: Yale University Press, 1981.
  • Yukiko Tanaka. Women writers of Meiji and Taishō Japan: their lives, works and critical reception, 1868-1926. McFarland, 2000.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]