Natsume Sōseki

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an t-iomrá le Natsume Sōseki (夏目 漱石) (9 Feabhra 1867 – 9 Nollaig 1916), scríbhneoir a baisteadh mar Natsume Kinnosuke (夏目 金之助), gurb é an t-úrscéalaí Seapánach is suntasaí de ré Meiji (1968-1912) é. Chumadh sé haiku agus dánta den saghas Síneach, agus b'eolaí ar litríocht na Breataine é.

A óige[athraigh | edit source]

Íomhá Natsume Sōseki ar aghaidh bancnóta 1000 yen (1984).

Rugadh é in Babashita i réigiún Edo d’Ushigome (Kikui in Shinjuku mar a thugtar inniu air). Ní raibh a thuismitheoirí ró-óg nuair a rugadh é: bhí a mháthair daichead bliain d’aois agus a athair trí bliana is caoga, agus gan leanbh eile ag teastáil uathu.[1] Bhí seisear clainne ann cheana, agus bhí páiste breise ina thrillín ar an teaghlach, rud a d’fhág smál ar a mhuintir.[2] Ghabh lánúin gan chlann Natsume ar altramacht sa bhliain 1868, cé gur scar siad nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois[3]. D'fhill sé ar a muintir féin.

D'fhreastail Natsume ar mheánscoil i dTóiceo, áit ar tháinig lé aige le litríocht na Síne. Shamhlaigh sé go bhféadfadh sé dul le scríbhneoireacht é féin feasta, ach níor thaitin an mian seo lena mhuintir, agus chuaigh sé ar Ollscoil Impiriúil Thóiceo le staidéar a dhéanamh ar ailtireacht. Thosaigh sé ag foghlaim Béarla freisin agus barúil aige go bhféadfadh sé leas a bhaint as an teanga sin feasta ina chuid staidéir.[4]

Sa bhliain 1887 bhuail Natsume le Masaoka Shiki, cara a chabhraigh leis agus é ag cumadh haiku. Thosaigh sé ag cur Sōseki (focal Síneach a chiallaíonn “ceanndána”) lena chuid dánta.

Sa bhliain 1990 thosaigh sé ag déanamh staidéir sa Roinn Litríochta Béarla, áit ar chuir sé snas agus caoi ar a chuid Béarla, agus nuair a bhain sé céim amach sa bhliain 1893 chuaigh sé i mbun múinteoireachta i scoileanna éagsúla. Idir an dá linn bhí sé ag foilsiú haiku agus filíocht Shíneach ar nuachtáin agus ar thréimseacháin. Sa bhliain 1895 phós sé Nakane Kyoko.

Londain 1901-03[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1900 chuir Rialtas na Seapáine Natsume chun staidéar a dhéanamh sa Bhreatain. Shocraigh sé ar gan dul ar Ollscoil Cambridge toisc nárbh acmhainn dó ar scoláireacht rialtais é[5] agus chuaigh ar Choláiste na hOllscoile, Londain.

Bhí saol cráite aige i Londain agus é ag cothú na háite istigh lena chuid leabhar. D’fhan sé i gceithre teach i ndiaidh a chéile, agus níor thaitin leis ach an ceann deireanach, áit chónaithe Priscilla agus Elizabeth Leale, deirfiúracha. Bhí dúil acu i litríocht mar a bhí aige féin (go háirithe i saothar Shakespeare), agus ba bhinn leis a gcuid Fraincise, teanga a bhí ar a dtoil acu. Chuir a intinn chráite uaigneach imní orthu, agus spreag siad chun dul amach agus tabhairt faoin rothaíocht é. Chuir sé bailchríoch ar an eolas a bhí aige ar litríocht an Bhéarla agus d’fhill sé ar an tSeapáin sa bhliain 1903.

Sa tSeapáin chuaigh sé in áit Koizumi Yakumo (Lafcadio Hearn) sa Chéad Scoil ab Airde, agus ansin ceapadh é ina ollamh le litríocht an Bhéarla in Ollscoil Impiriúil Thóiceo, mar ar mhúin sé teoiric agus critic liteartha.

Saol liteartha[athraigh | edit source]

Thosaigh Natsume ag scríobh i ndáiríre sa bhliain 2003 agus é ag foilsiú filíochta, ach níor thuill aon saothar dá chuid clú mór dó go dtí gur fhoilsigh sé Cat atá ionam, úrscéal aorach, sa bhliain 1905. Tháinig éileamh ar an leabhar agus iomrá leis féin.[6]

Tháinig gearrscéalta óna lámh ina dhiaidh seo agus roinnt úrscéalta eile. D’éirigh chomh leo seo gurbh fhéidir leis an ollscoil a fhágáil. Chuaigh sé ag obair do Asahi Shimbun sa bhliain 1907 agus é ag teacht i dtír ar a pheann. Ba mhinic é ag plé na gaolmhaireachta idir cultúr an Iarthair agus cultúr na Seapáine. Scríobh sé úrscéal in aghaidh na bliana go dtí an bhliain 1916, nuair a cailleadh le hothras boilg é.

Bhain Natsume tairbhe as na téamaí a leanas: an bochtanas, an choimhlint idir an fonn agus an dualgas, saoirse an duine aonair in aghaidh leas an ghrúpa, an coimhthíos, tionsclú na tíre agus an toradh a bhí air, an aithris a rinne an tSeapáin ar nósanna an Iarthair agus an t-olcas i nádúr an duine.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. McClellan, Edwin. Two Japanese Novelists: Sōseki & Tōson, Tuttle Publishing, 2004. ISBN 0-8048-3340-0
  2. McLellan 2004.
  3. McLellan 2004.
  4. McLellan 2004.
  5. Brodey and Tsunematsu 2000, lch 7.
  6. Mostow, Joshua S.. The Columbia Companion to modern East Asian literature, Columbia University Press, 2003, lch 88. ISBN 978-0-231-11314-4

Naisc[athraigh | edit source]

Litríocht na Seapáine

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Bargen, Doris D.. Suicidal Honor: General Nogi and the Writings of Mori Ogai and Natsume Sōseki. University of Hawaii Press (2006). ISBN 0-8248-2998-0
  • Brodey, I. S. and S. I. Tsunematsu. Rediscovering Natsume Sōseki (Kent: Global Oriental, 2000)
  • Doi, Takeo: W. J. Tyler a d’aistrigh. The Psychological World of Natsume Sōseki. Harvard University Asia Center (1976). ISBN 0-674-72116-0
  • Gessel, Van C. Three Modern Novelists: Soseki, Tanizaki, Kawabata. Kodansha International, 1993
  • Keene, Donald. Dawn to the West: Japanese Literature of the Modern Era: Fiction, Caibidil 12. An dara eagrán ceartaithe, Columbia University Press, 1998.
  • Milward, Peter. The Heart of Natsume Sōseki: First Impressions of His Novels. Azuma Shobo (1981).
  • Olson, Lawrence. Ambivalent Moderns: Portraits of Japanese Cultural Identity. Savage, Maryland: Rowman & Littlefield (1992). ISBN 0-8476-7739-7
  • Ridgeway, William N.. A Critical Study of The Novels of Natsume Sōseki, 1867–1916. Edwin Mellen Press (2005). ISBN 0-7734-6230-9
  • Yu, Beongchoeon. Natsume Sōseki. Macmillan Publishing Company (1984). ISBN 0-8057-2850-3