Iarmhairtí teirmileictreacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tréithe leictreacha damhna a bhraitheann ar an teocht. I dteirmeachúpla (dhá shreang éagsúla miotail, iarann is copar, mar shampla, agus na cinn greamaithe le chéile), gintear difríocht poitéinsil idir an dá chomhchumar má bhíonn ceann amháin in áit fhuar is an ceann eile in áit the. Tugtar iarmhairt Seebeck air seo, as an bhfisiceoir Gearmánach Thomas Seebeck a d'fhionn é i 1821. In iarmhairt Peltier (as an bhfisiceoir Francach Jean Peltier a d'fhionn í i 1834), má thiomáintear teirmeachúpla sa treo eile, is é sin, má sheoltar sruth leictreach timpeall an chúpla, fuaraítear comhchumar amháin, agus úsáidtear a leithéid chun cuisneoir gan aon chomhpháirt gluaiste a dhéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairtí teirmileictreacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.