Historia Regum Britanniae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríobh Geoffrey of Monmouth a leabhar Historia Regum Britanniae (Stair Ríthe Shasana) i Laidin thart faoin mbliain 1136. Stair Ríthe Shasana thar tréimhse dhá mhíle bliain ó Traoi in Íliad Hóiméir go dtí an seachtú céad tar éis Críost, um an dtaca ar ghlac na hAngel is na Sacsanaigh seilbh ar Shasana, atá ann. Tá sé suimiúl gur scríobhadh leabhar den chineál céanna thart fán am sin in Éirinn den teideal Leabhar Gabhála na hÉireann.

Ní féidir braith ar shaothar Geoffrey of Monmouth mar an fhírinne glan nó fiú gar di agus ní mhaireann na foinsí agus na cáipéisí a thagraíonn sé dóibh ach an oiread.

De réir dealramh is as na scéalta a instear ins an leabhar is ea a dheascar an scéalaíocht i leith Artúir agus Ridirigh an mBord Ciorclach.