Traoi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ballaí na Traí ó aimsir Chogadh na Traí
Ballaí na Traí ó aimsir Chogadh na Traí

Is cathair finscéalach í Traoi (Gréigis: Τροία, Troia, nó Ίλιον, Ilion freisin; Laidin: Troia, Ilium, Tuircis: Truva) agus suíomh Chogadh na Traí, faoi mar a tugadh léargas dúinn san Íliad, ceann de dhá phíosa filíochta eipiciúil a bhfuil luaite le Hóiméar. Traígh a tugadh ar dhaoine ón chathair is ón cheantar máguaird.

Dé réir Hóiméir, scriosadh an chathair ag deireadh an chogaidh, tar éis do na Traígh Capall Adhmaid na Traí a ligint isteach sa chathair. Tá tagairtí seachas an Íliad ar fáil i saothair eile a luaitear le Hóiméar ar nós An Odaisé agus saothair eile ó litríocht na Sean-Ghréige. Thug staraithe Gréagacha dátaí difriúla ar an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RC.

Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Sean-Rómhánaigh gur cogadh stairiúil a bhí ann i gCogadh na Traí. Rinne an file Rómhánach Veirgil mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir ina chuid saothair an Aeinéid. Thug Alastar Mór cuairt ar an suíomh sa bhliain 334 RC agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí líomhanta na laochra Hóiméarach Aichill agus Patroclus.

Bunaíodh cathair nua Ilium ar an suíomh le linn réimeas an Impire Rómhánaigh Ágastas. Bhí rath uirthi go dtí gur bunaíodh Cathair Chonstaintín agus tháinig meath uirthi de réir a chéile le linn Impireacht na Biosáinte.

Sna 1870í thochail an seandálaí Gearmánach Heinrich Schliemann an suíomh. Thaispeáin tochaltáin ní ba dhéanaí roinnt cathracha a tógáladh ceann i ndiaidh a chéile san áit. Is ceann de na cathracha ní ba luaithe, Traoi VII, a luaitear mar shuíomh Traoi Hóiméir.

Cuireadh suíomh seandálaíochta na Traí le liosta Oidhreachta an Domhain UNESCO sa bhliain 1998.

Do chuid uirlisí