Ágastas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'é Ágastas (Laidin: IMPERATOR CAESAR DIVI FILIVS AVGVSTVS[1]; 23 Meán Fómhair 63 r. Chr. - 19 Lúnasa AD 14), ar a dtugtaí Gaius Julius Caesar Octavianus roimh an bhliain 27 r. Chr., an chéad Impire Rómhánach.

Tháinig Ágastas i gcomharbas ar Iúil Caesar. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na Séasar. Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireacht oidhreachtúil.

Ainm agus Dintiúirí Ágastais[athraigh | edit source]

Nuair a saolaíodh Ágastas, is é an chéad ainm a fuair sé ná Gaius Octavius Thurinus, cé nach bhfuiltear cinnte faoin sloinne breise (cognomen) sin Thurinus. Ina thiomna, d'uchtaigh Iúil Caesar é, cé nach bhfuil sé cinnte, an raibh a leithéid d'uchtú ag cur le dlíthe na Róimhe. Cibé scéal é, i ndiaidh an uchtaithe, ghlac Ágastas air a ainm siúd, mar atá, Gaius Iulius Caesar, agus is féidir nár bhac sé le "Octavianus" a chur lena ainm, mar ba nós ina leithéidí de chásanna. Mar sin féin, is gnách "Octavianus" a thabhairt air sa litríocht stairiúil. Maidir leis an ainm onórach Augustus, nó an tUrramach, fuair sé ón Seanad é ar an 16ú hEanáir 27 r. Chr. Ar lá a bháis, is é an teideal oifigiúil a bhí air ná: Imperator Caesar Divi filius Augustus, Pontifex Maximus, Consul XIII, Imperator XXI, Tribuniciae potestatis XXXVII, Pater patriae, is é sin, an tImpire Urramach, Séasar, Mac an Té a Diagaíodh, Ard-Shagart, ar bronnadh cumhachtaí an chonsail air trí huaire déag, cumhachtaí an Impire - aon uair is fiche, agus cumhachtaí an treabhainn - seacht n-uaire déag is fiche; agus Athair na Tíre Dúchais.

Saol[athraigh | edit source]

An duine a chaitheann súil ar shaol Ágastais, is ar éigean is féidir leis gan an dá Ágastas a aithint. Ó thaobh amháin, feicfidh sé polaiteoir óg uaillmhianach, fiú cruálach, nár bhac le dlí ná le scrupaill choinsiasa agus é ag cur catha leis an gcumhacht is airde sa tír a bhaint amach. Ón taobh eile, casfar Impire aibí air a bhain úsáid chiallmhar as an gcumhacht sin le córas nua polaitiúil a chur ar bun in áit na poblachta a bhí curtha ó mhaith ag na síorchogaí cathartha.


Óige[athraigh | edit source]

Mac le Gaius Octavius agus a bhean chéile Atia ab ea é Ágastas, agus ba neacht le hIúil Caesar í Atia. Mionuaisle ab ea iad muintir Octavius, is é sin, bhí baint acu le haicme na n-equites - ridirí na Róimhe. Bhí Atia sách saibhir, ach ní raibh cara sa chúirt aici. Deirtear nach raibh Gaius Octavius ach ina iasachtóir airgid ar dtús, ach in imeacht na mblianta, bhain sé amach seanadóireacht agus praetóireacht. Cailleadh Gaius Octavius sa bhliain 58 roimh bhreith Chríost, agus chaith a mhac an chéad chupla bliain ar fheirm a mháthara móire, Iulia, i Velitrae. Deirfiúir le hIúil Caesar ab ea í Iulia. Ina dhiaidh sin, chuir Octavius óg faoi i dteach a leasathara Lucius Marcius Philippus.


Ó nach raibh mac dlisteanach eile ag Iúil Caesar, ghlac sé lena gharnia mar mhac altrama, agus chuaigh Octavius óg chun cogaidh le taobh Caesar. Sa bhliain 45 roimh bhreith Chríost, bhí an bheirt acu sa Spáinn ag cur troda ar chlann mhac Pompeius, agus chuaigh crógacht an ógánaigh go mór mór i gcion ar Caesar. Bhí Octavius óg le páirt a ghlacadh san fheachtas in aghaidh na bPartach mar oifigeach marcshlua, ach ansin, chuala sé iomrá ar an dóigh ar dúnmharaíodh Caesar, agus d'fhill sé go dtí an Róimh. Ar an mbealach, fuair sé amach go raibh Caesar i ndiaidh é a uchtú ina thiomna, agus an chuid ba mhó de shaibhreas Caesar ag dul dó féin dá bharr sin.

A Bhealach chun Cumhachta[athraigh | edit source]

Go bunúsach, ní raibh forálacha dlí sa Róimh a cheadódh a leithéid d'uchtú iarbháis. Mar sin féin, ghlac Octavianus ainm Caesar air féin. Ar dtús, níor ghlac sé páirt ar bith sa chogadh cathartha a bhí ag lasadh suas arís idir lucht leanúna Iúil Caesar, a raibh Marcus Antonius i gceannas orthu, agus a chuid naimhde, ar nós Gaius Cassius Longinus agus Marcus Iunius Brutus, a bhí ag iarraidh Poblacht na Róimhe a athbheochan i ndiaidh dheachtóireacht Caesar.

Bhí Marcus Antonius ina iar-ghinearál airm de chuid Caesar agus ina chomh-Chonsal leis. Mar sin, ní raibh sé sásta maoin shaolta Caesar a thabhairt d'Octavianus óg. Nuair a chrom Octavianus ar an gcuid eile d'uacht Caesar a chomhlíonadh, agus é ag íoc phinsin na seansaighdiúirí as a phóca féin - nó, le bheith beacht, as an gciste cogaidh a bhí bailithe le haghaidh an fheachtais in aghaidh na bPartach - thug muintir na Róimhe taithneamh dó mar fhear onórach. D'iompaigh an luiteamas seo ina thacaíocht pholaitiúil go gasta. Fuair Octavianus cuidiú ó Marcus Tullius Cicero, an seanadóir agus an t-iar-Chonsal, a bhí den bharúil go mbainfeadh an fear óg cuid den tábhacht pholaitiúil de Marcus Antonius. Bhí Cicero féin ag tacú leis an bPoblacht, cé nár ghlac sé páirt sa chomhcheilg a mharaigh Caesar. D'fháiltigh Octavianus an tacaíocht a fuair sé ó Cicero, ach bhí pleananna dá chuid féin aige. Ní bheadh sé ina bhalbhán ag Cicero, cé go raibh sé siúd ag iarraidh a úsáid féin a bhaint as Octavianus.


Comhghuaillíocht le dúnmharfóirí Iúil Caesar[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Antonius ag cur cogaidh ar Decimus, deartháir Brutus, sa Ghaill, d'earcaigh Octavianus arm agus shealbhaigh sé an Róimh. Faoi bhrú a chuid díormaí, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na Seanadóirí ach cumhachtaí an tSeanadóra agus an iar-Chonsail a bhronnadh air agus é a dhíolmhú ó na dlíthe nach gceadódh d'fhear chomh hóg a leithéid de chumhachtaí a bheith aige. Anois, bhí Octavianus sásta dul i gcomhghuaillíocht, fiú, leis na poblachtánaigh, cé gurbh iadsan a mharaigh a uchtathair Iúil Caesar. Sa bhliain chéanna, rug seisean agus a chuid comhghuaillithe, na Consail Aulus Hirtius agus Gaius Vibius Pansa, bua ar dhíormaí Antonius ag Mutina (Modena atá ar an gcathair seo inniu).

Fuair Hirtius agus Vibius Pansa bás sna cathanna, agus fágadh an t-arm faoi cheannas Octavianus amháin. Anois, ní raibh sé le stopadh. Le lámh láidir a chuid saighdiúirí, chuir sé d'iallach ar an Seanad é féin a thoghadh mar Chonsal agus dúnmharfóirí Caesar a eisreachtú. Mar sin, thréig sé na poblachtánaigh agus chuaigh sé le lucht leanúna Caesar lena dhíoltas a agairt ar na dúnmharfóirí. Bhí sé, fiú, sásta triúracht nua a shocrú le Marcus Antonius agus le Marcus Aemilius Lepidus, nach raibh an tábhacht leis sa triúracht seo agus a bhí leis an mbeirt fhear eile. Mar threisiú leis an gcomhghuaillíocht seo, phós Octavianus leasiníon Antonius, Clodia.

An Dara Triúracht[athraigh | edit source]

Bhí an Dara Triúracht seo go hiomlán i dtuilleamaí an fhórsa mhíleata, agus níl sé as cosán a rá gur deachtóirí míleata ab ea iad na triúraithe. Ar an 23ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 43 roimh bhreith Chríost fuair siad cumhachtaí oifigiúla an deachtóra ón Seanad go ceann cúig bliana. D'eisigh siad liostaí fada d'eisreachtaithe - daoine a bhí le cur chun báis a thúisce is a thiocfaí suas leo. Bhí Cicero ar duine acu sin, nó ní cheadódh Antonius dó siúd éalú óna dhíoltas. Maraíodh Cicero agus tugadh íde uafásach dá chorpán, nó gearradh na lámha de agus cuireadh ar taispeántas sa Róimh iad. Ní raibh Octavianus sásta leis an eisreachtú, ach nuair a socraíodh an scéal, bhí sé ní ba déine ná Antonius féin á chur i gcrích.

Bhí na triúraithe ag súil leis go n-éireoidís saibhir ar na heisreachtuithe, ach ar a laghad, rinne an feachtas géarleanúna an-tanú ar na ciorcail phoblachtánacha sa Seanad, agus chuir na triúraithe daoine de lucht a leanúna féin ina n-áit. Mar sin, chuaigh an poblachtánachas i laige i measc na n-aicmí cumhachta. Dúirt an staraí Ronald Syme, fiú, agus dearcadh criticiúil aige ar Ágastas, gur réabhlóid a bhí i gceist leis an athrú foirne seo.

Sa bhliain 42 roimh bhreith Chríost, thug Antonius agus Octavianus aghaidh ar an nGréig, áit a raibh Marcus Iunius Brutus agus Caius Cassius Longinus ag slógadh a gcuid saighdiúirí. Chuir na triúraithe cath ar Brutus agus Longinus, agus nuair a briseadh an cath ar an mbeirt sin, bhí poblacht na Róimhe cloíte go héag: ní raibh sí le hathbheochan a thuilleadh. B'é Antonius a thabhaigh an chuid ba mhó den onóir a bhí ag dul leis an mbua seo, agus é ag dearscnamh thar an mbeirt triúraithe eile i gcumhacht.

Fó-nótaí agus tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Imperator Caesar, Augustus, mac an té a diagaíodh