An Traí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ballaí na Traí ó aimsir Chogadh na Traoi

Is cathair í An Traoi (Gréigis: Τροία, Troia, nó Ίλιον, Ilion freisin; Laidin: Troia, Ilium, Tuircis: Truva) agus suíomh Chogadh na Traoi, mar a tugadh cuntas air san Íliad, ceann den dá eipic a luaitear le Hóiméar. Traígh a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.

De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach sa chathair. Tá tagairtí i saothair seachas san Íliad don eachtra: san Odaisé (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.

Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traoi. Rinne Veirgil, file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san Aeinéid. Thug Alastar Mór cuairt ar an suíomh sa bhliain 334 RC agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí Aichill agus Patraclas, laochra Hóiméaracha.

Bhunaigh an tImpire Ágastas cathair nua ann, agus rath uirthi go dtí gur bunaíodh Cathair Chonstaintín. Tháinig meath uirthi de réir a chéile.

Sna 1870í chuaigh Heinrich Schliemann, seandálaí Gearmánach, i mbun tochailte san áit. Nochtadh iarsmaí roinnt cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile. D'fhógair Schliemann go raibh an fhíor-Thraí aimsithe aige, ach meastar anois gurb í Traí VII, ceann de na cathracha is luaithe, atá i gceist ag Hóiméir.

Cuireadh an suíomh ar liosta Oidhreacht Domhanda UNESCO sa bhliain 1998.

An Traí stairiúil[athraigh | edit source]

Plean seandálaíoch de dhaingean Hisarlik

Ag seo sraitheanna fothracha i ndaingean Hisarlik:

  • Troy I 3000–2600 RCh (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré-umhaois 1)
  • Troy II 2600–2250 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré-umhaois 2)
  • Troy III 2250–2100 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré-umhaois 3)
  • Troy IV 2100–1950 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré-umhaois 3)
  • Troy V: an 20ú haois–an 18ú haois RCh (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré-umhaois 3)
  • Troy VI: 17ú haois–15ú haois RCh
  • Troy VIh: an Chré-umhaois Dhéanach, an 14ú haois RCh
  • Troy VIIa: ca. 1300–1190 RCh, an ré Hóiméarach is dóichí[1]
  • Troy VIIb1: an 12ú haois RCh
  • Troy VIIb2: an 11ú haois RCh
  • Troy VIIb3: go dti ca. 950 RCh
  • Troy VIII: ca. 700 RCh
  • Troy IX: Iliam Héilléanaíoch, an chéad aois RCh

Deirtear gur thosaigh Cogadh na Traí nuair a d'fhuadaigh Páras, prionsa Traíoch, Héilin fhíorálainn. Ba í bean Mheinealáis, rí Sparta, í, agus chun díoltas a imirt ar na Traígh chruinnigh ríthe na Gréige le chéile agus d'imshuigh an Traí. I gceann sé bliana d'éirigh leis na Gréagaigh dul isteach sa chathair trí "Chapall na Traí," seift a bheartaigh Uiliséas.

Deir an "Iliad" go ndearna na hAcháiaigh campa in aice bhéal abhainn Scamandair, áit a ndearna siad a gcuid long a tharraingt aníos as an bhfarraige. Bhí an Traí le fáil ar chnoc ar an taobh eile de mhá Scamandair, áit ar thit chathanna Chogadh na Traí amach. Anois tá láithreán na seanchathrach timpeall cúig mhíle slí ón gcósta, ach trí mhíle bliain ó shin b'in í an áit a raibh béil na habhann.[2]

Traí I–V[athraigh | edit source]

Bunaíodh an chéad chathair sa chéad mhílaois RCh. Bhí rath ar chúrsaí tráchtála ann sa Chré-umhaois, agus smacht ag an gcathair ar na Dardainéil, caolas a dtéadh longa tríd agus iad ar a mbealach ón Muir Aigéach go dtí an Mhuir Dhubh. Timpeall 1900 RCh bhí ollimirce ar siúl agus baint aici leis na Hitigh thoir. Rinneadh luaith de chathracha lastoir den Traí, agus tháinig athrú cultúrtha ar an gcathair úd a thaispeáin go raibh pobal nua i réim ann.[3]

Traí II Schliemann[athraigh | edit source]

Chreid Schliemann gurbh í Traí II cathair Hóiméir.

Traí VI[athraigh | edit source]

Leagadh Traí VI timpeall 1300 RCh, agus is dócha gur crith talún ba chúis leis.

Traí VII[athraigh | edit source]

Deirtear go mbaineann Traí VII leis an gcuid dheiridh den 13ú haois RCh. Dealraíonn sé gur cogadh a threascair í, agus léise is minice a luaitear Traí Hóiméir.[4]

Schliemann[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1865 bhain Frank Calvert, taidhleoir agus seandálaí Sasanach, trinsí ag Hisarlık i bpáirc a cheannaigh sé ó fheirmeoir. Sa bhliain 1868 chuaigh Heinrich Schliemann, fear saibhir gnó agus seandálaí, i mbun tochailte san áit tar éis bualadh le calvert ag Çanakkale.[5] Nochtadh a lán cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile, agus is dóigh le mórán scoláirí anois gurb ionann Traí VII agus Wilusa, cathair Hiteach agus foinse, de réir dealraimh, Ἴλιον (Ilian). Shíl Schliemann féin gurbh í Traí II an chathair cheart, agus is ann a tháinig sé ar iarsmaí ar tugadh Taisce Phriam orthu agus ar cheannaigh Iarsmalann Bheirlin iad.

Radharc ar mhá Iliam agus ar an Muir Aeigéach ó Hisarlik

Korfmann agus Pernicka[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1988 thosaigh foireann de chuid Ollscoil Tübingen agus Ollscoil Cincinnati ag tochailt arís agus an tOllamh Manfred Korfmann i bhfeighil na hoibre, fad is a bhí an tOllamh Brian Rose i bhfeighil foirne a bhí ag tochailt iarsmaí iar-Chré-umhaoise (iarsmaí Rómhánacha agus Biosáinteacha) feadh chósta na Mara Aeigéaí ag Bá na Traí. Fuarthas reanna saighde i sraitheanna den chéad chuid den 12ú haois RCh.

Aimsíodh agus tochlaíodh díg dhomhain i bhfothraigh cathrach Gréagaí agus Rómhánaí tar éis suirbhé iomháú maighnéadach sna páirceanna faoi bhun an daingin i Mí na Lúnasa 1993. Na hiarsmaí a fuarthas ann cuireadh dáta leo a bhain leis an gcuid dheiridh den Chré-umhaois, ré a luaitear le Traí Hóiméir. Mar a deir Korfmann, b'fhéidir gur bhain an díg leis an taobh seachtrach cosanta de chathair ba mhó go mór ná mar a síleadh.

I samhradh na bliana 2006 lean an tochailt faoi riar Ernst Pernicka, comhghuaillí Korfmann.

An Traí shamhailteach[athraigh | edit source]

Bhí an oiread sin clú ar scéal na Traí sa seanreacht agus sna meánaoiseanna gur baineadh feidhm as chun údarás a chur le finscéalta bunúis náisiúnta. Sampla de sin ba ea scéal Aeinéas, laoch ar dúradh faoi gurbh é sinsear Romalais agus Réamais, bunaitheoirí na Róimhe.

Bhí laochra na Traí le fáil ina dhiaidh sin i bhfinscéalta bunúis na luathmeánaoiseanna, mar dheimhneodh ginealach ársa den saghas sin uaisleacht teaghlaigh uasail agus chuirfeadh sé úsarás le cuid na sean-Impireachta a ghabháil.[6]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Troy VII and the Historicity of the Trojan War, Dartmouth College (2000)
  2. Geologists investigate Trojan battlefield, 7 February 2003, BBC NEWS
  3. Mellaart, James (1958). "The end of the early Bronze Age in Anatolia and the Aegean," American Journal of Archaeology, imleabhar 62, eagrán 1, lgh 9–33 http://www.jstor.org/stable/500459
  4. http://projectsx.dartmouth.edu/history/bronze_age/lessons/les/27.html Troy VII and the Historicity of the Trojan War
  5. Wood, Michael (1985). In Search of the Trojan War, British Broadcasting Corporation, London, lgh 54–55. ISBN 978-0-563-20161-8
  6. Huppert, George. "The Trojan Franks and their Critics." Studies in the Renaissance 12. 1965. lgh 227-241. & Hays, Denys. Europe: The Emergence of an Idea. 1957.

Féach freisin[athraigh | edit source]