Hipiteirme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teocht 35° go domhain sa cholainn, tomhaiste le teirmiméadar sa reicteam. Tarlaíonn sí tar éis don cholainn a bheith tumtha in uisce fuar, nochtaithe do theocht íseal comhshaoil, neamhchomhfhiosach nó daingnithe doghluaiste le fada (i nimhiú alcóil, hipitíoróideacht, tar éis stróic nó taom croí). Bíonn naíonáin is seandaoine leochaileach go háirithe. Is é crith an chéad fhreagairt ar laghdú teocht na colainne. Ina dhiaidh sin cuirtear isteach ar mhatáin an chroí, rud a mhoillíonn bualadh an chroí, a laghdaíonn brú na fola, agus a chuireann tús le heaspa rithime i mbualadh an chroí. Cuirtear isteach ansin ar fheidhmiú meabhrach, agus leanann mearbhall, díchuimhne, cailliúint comhfheasa, is bás. Chun cóireáil ar dhuine le hipiteirme, is gá é a théamh de réir a chéile. Tá riochtaí ann a gcabhraíonn sé lena mbainistiú teocht an othair a choinneáil rialaithe ag luach íseal.