Hipitíoróideacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Hipitíoróideacht ann ná nuair nach gcruthaítear a dóthain hormón tíoróideach sa duine. An galar is mó a tharlaíonn dá bharr seo ná Galar Graves. Má chuirtear isteach ar feidhmeanna an tíoróidigh trí easpa hormón a chuir ar fáil is féidir bheith ag súil go mbeidh daoine traochta, is go mbeidh siad mall ó thaobh luas na hintinne.

Diagnóisiú[athraigh | edit source]

Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantar íomháú ar an bhfaireog ar nós scanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantar bithóipse chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidh paiteolaí ar an sampla fíocháin seo.

Cóir Leighis[athraigh | edit source]

Ó thaobh cóir leighis tugtar cógas leis an oiread hormón a scaoiltear a mhéadú nó cuirtear hormóin shintéiseacha ar fáil do dhaoine de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidir radaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.