Teirmiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste chun teocht a thomhas is ea teirmiméadar.

Teirmiméadar Galileo[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’airg Galileo an chéad teirmiméadar riamh san 17ú haois.[1] Rinne Galileo teirmiméadar as bolgán gloine a bhí lán le huisce. Ghluais an t-uisce suas síos sa bholgán de réir mar a d’athraigh an teocht.

Is feadán séalaithe é teirmiméadar Galileo. Tá leacht trédhearcach ann. Tá bolgáin bheaga istigh san fheadán. Tá leacht daite sna bolgáin seo. Tá lipéad ar gach bolgán agus teocht áirithe marcáilte air, m.sh 18°C nó 20°C. De réir mar a athraíonn an teocht sa seomra, ardaíonn nó íslíonn na bolgáin san fheadán. Chun teocht an tseomra a léamh, léann tú an lipéad atá ar an mbolgán is ísle san fheadán.

Teirmiméadar mearcair

Teirmiméadar mearcair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na gráduithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.

Tá an teirmiméadar alcóil i ngloine cosúil leis an teirmiméadar mearcair.

ːTeirmiméadar infridheargː Digital Thermodetector GM700

Teirmiméadar infridhearg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá teirmiméadair infridhearga éagsúla i ngnáthúsáid inniu.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Eureka 4-20". Dáta rochtana: 2021.
  2. Hussey, Matt (2011). "Teirmiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 657.