Helsingør

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Helsingør
Elsinore (as Béarla)
Helsingør Helsingør

Armas sa bhliain 1584 Armas ón mbliain 1648

Helsingør

Caisleán Kronborg i Helsingør

Suíomh

56°02′ Thuaidh 12°37′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Denmark.svg An Danmhairg
Ceantar: Hovedstaden
Méara: Johannes Hecht-Nielsen
Déimeagrafaic
Daonra: 46,300
Crios ama: CET (UTC+1)
www.helsingorkommune.dk

Is í Helsingør cathair sa Danmhairg.

Tá an chathair lonnaithe ar chaolas Øresund in oirthuaisceart na Séalainne. Is í an tSéalainn (Danmhairgis: Sjælland) oileán mór Danmhargach atá suite idir leithinis na hIútlainne agus Deisceart na Sualainne. Sa bhliain 2012, bhí breis is 46,000 duine ina gcónaí i gcathair Helsingør fhéin agus thart ar 61,000 duine sa cheantar urbeach. Tá an ceantar sin ar an tríú ceantar urbeach is mó na Séalainne tar éis Cóbanhávan agus Roskilde. Is í Helsingør lárionad den bhardas leis an ainm céanna.

Scarann caolas Øresund an Danmhairg ó Dheisceart na Sualainne agus is í Helsingborg ainm don chathair atá suite ar an taobh thoir den chaolas sa tSualainn. Níl an caolas níos leithne ná 4 nó 5 km ar an suíomh seo agus tá bád farantóireachta ag dul idir an dá chathair.

Is é Caisleán Kronborg an suíomh is tábhachtaí sa turasóireacht áitiúil mar gheall ar a pháirt mar chaisleán ríoga i gcathair Elsinore sa dráma traigéide de Phrionsa na Danmhairge darbh ainm Hamlet leis an ndrámadóir clúiteach William Shakespeare. Tá bunscéal den dráma faoi Amletus, garmhac Rí na Danmhairge, le fáil sa leabhar Gesta Danorum le staraí Danmhargach Saxo Grammaticus ón Meánaois.

Íomhánna[athraigh | edit source]

Áitritheoirí chlúiteacha[athraigh | edit source]

Nasc-Bhailte[athraigh | edit source]

Tá Helsingør nascaithe le cathracha éagsúla, ina measc:

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]