Aalborg
Cathair sa Danmhairg is ea Aalborg nó Ålborg. Tá an chathair suite cois caoláire Limfjord i dtuaisceart na hIútlainne, leithinis mhór idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh. Tá tuairim is 105,000 duine ina gcónaí sa chathair féin (2012) agus breis is 126,000 duine má chuirtear fobhaile Nørresundby san áireamh. Is iad na cathracha Odense, Aarhus agus Cóbanhávan amháin atá níos mó ná Aalborg. Mar sin, is í Aarhus an ceathrú cathair is mó sa Danmhairg.
Tá calafort tábhachtach ann agus aerfort sách mór chomh maith. Iompraíonn lastlonga an comhlachta Royal Arctic Line lasta idir príomhchathair Nuuk sa Ghraonlainn agus calafort Aalborg sa Danmhairg. Is é Aalborg Lufthavn an tríú aerfort is mó sa Danmhairg atá suite i Lindholm in iarthuaisceart na cathrach. Is féidir eitilt ó Aalborg go hOileáin Fharó.
Chomh maith le sin tá dhá ollscoil suite sa chathair. Ollscoil Teicneolaíochta Aalborg (bunaithe sa bhliain 1974) agus Ardscoil Cheoil Tuaisceart na hIútlainne (Nordjysk Musikkonservatorium). Is féidir ceachtanna ceoil clasaiceach chomh maith le ceachtanna ceoil nua-aimseartha le freastail ar an gceolscoil.
Clár ábhair |
Íomhánna[athraigh]
Daoine cáiliúla[athraigh]
- Jørn Utzon, ailtire cáiliúil (ina measc ceoláras Sydney san Astráil)
- Ebbe Sand, peileadóir sacair
Nasc-Bhailte[athraigh]
Tá Aalborg nascaithe le neart bailte nó cathrach ar fud na cruinne, ina measc
Gaillimh
Dún Éideann, Albain
Nuuk, An Ghraonlainn
Húsavík, An Íoslainn
Fuglafjørður, Oileáin Fharó
Naisc sheachtracha[athraigh]
- Ceolscoil Nordjysk Musikkonservatorium: musikkons.dk
- Ollscoil Aalborg: aau.dk
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Aalborg |
- Turasóireacht Aalborg: visitaalborg.com
- Cathair Aalborg: aalborgkommune.dk
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |