Gineadóir teirmileictreach raidiseatóip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foinse cumhachta leictrí i spásárthach a bhíonn i bhfad ón nGrian (ionas nach mbeadh cumhacht le fáil ó fheistí fótavóltacha) nó ar phláinéad (mar nach mbeadh eagar fótavóltach praiticiúil). Gineann an t-ábhar radaighníomhach teas, agus gintear an leictreachas trí dhifríocht teochta trasna miotal difriúil. Is é an breosla is coitinne chuige seo plútóiniam-238, a bhfuil leathré 77 bliain aige, agus is féidir le mais bheag plútóiniam flúirse teasa a sholáthar ar feadh 10 mbliain nó mar sin leis an spásárthach a fhuinnmhiú. Bhain na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach feidhm astu ina gcláir spáis. Ach de bhrí go bhfuil breosla núicléach in úsáid iontu, ní mór na foinsí a chumhdach go daingean ar eagla go dtarlódh taisme le linn lainseála nó laindeála, agus d'éirigh imní phoiblí mar gheall air seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gineadóir teirmileictreach raidiseatóip". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 316.