George Davis Snell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Géineolaí a rugadh i mBradford, Massachusetts ab ea George Davis Snell (1903-1996). Rinne sé taighde ar na géinte a bhíonn freagrach as diúltú d'fhíocháin is orgáin thrasphlandaithe i lucha, agus d'aimsigh an príomhchoimpléasc histeachomhoiriúnachta (MHC). Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Jean Dausset is Baruj Benacerraf i 1980. I measc a scríbhinní tá an leabhar Search for a Rational Ethic (Ar Thóir Eitice Réasúnaí, 1988).