Géineolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá léargas sách simplí le fáil ar an ábhar seo ag Bunús na géineolaíochta.

Is disciplín bitheolaíochta í an Ghéineolaíocht (ón Sean-Ghréigis γενετικός genetikos, "ginideach" agus ó γένεσις genesis "bunús" [1][2][3]), ina ndéantar staidéar ar oidhreacht agus éagsúlachtaí.[4][5]

DNA, móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.

Is éard is ábhar don ghéineolaíocht struchtúr móilíneach agus feidhmiú na ngéinte, agus iompar na ngéinte i gcill nó in orgánach (e.g. ceannas agus eipigéineolaíocht), patrúin oidhreachta, agus dáileadh, malartú agus athrú i bpobail. Is féidir tairbhe a bhaint as an ngéineolaíocht agus staidéar á dhéanamh ar na córais bheo go léir – víorais, baictéirí, plandaí, ainmhithe, daoine agus eile.

Síleadh riamh anall go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht agus gur féidir tairbhe a bhaint as seo chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe. Ach ba é Gregor Mendel ba thúisce a rinne taighde eolaíoch ar an oidhreachtúlacht, obair a thosaigh i lár an 19ú haois. [6] Cé nár thuig sé bunús fisiciúil na hoidhreachta, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht trí aonaid oidhreachtúla a dtugtar géinte orthu anois.

Freagraíonn na géinte do réigiúin áirithe laistigh den DNA, móilín ar slabhra de cheithre shaghas de núicléitídí é. An t-eolas géiniteach a fhaigheann orgánaigh le hoidhreacht tá sé le fáil i seicheamh na núicléitídí. Tá dhá dhual sa DNA agus núicléitídí i ngach ceann acu a oireann dá chéile. Is féidir leis na duail a bheith ina dteimpléid ag duail nua, rud a ligeann do na cealla cóip a dhéanamh de ghéinte inoidhreachta.

Athraíonn na cealla seicheamh na núicléitídí i ngéin chun slabhra aimínaicéad a dhéanamh agus próitéiní a chruthú: tá ord na n-aimínaicéad i bpróitéin de réir ord ord na núicléitídí i ngéin, rud a dtugtar an cód géiniteach air. Socraíonn aimínaicéid na próitéine an chuma thríthoiseach a tharraingíonn sí uirthi féin, struchtúr a chuireann an phróitéin ag feidhmiú ar shlí áirithe. Is iad na próitéiní a dhéanann beagnach gach rud a choinníonn na cealla beo. Féadann athrú ar an DNA i ngéin aimínaicéid na próitéine a athrú, rud a d’fhéadfadh sin lorg suntasach a fhágáil ar an gceall agus ar an orgánach féin.

Cé gur mór an bhaint atá ag na géinte le cruth agus le hiompar orgánach, ní mór taithí na n-orgánach a chur san áireamh freisin chun an scéal iomlán a thuiscint.

Stair[athraigh | edit source]

Géineolaíocht chlasaiceach agus Mhendelach[athraigh | edit source]

D’eascair an ghéineolaíocht ó obair Gregor Mendel, eolaí agus Agaistíneach a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an Naturforschender Verein (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaiticiúil. [7] Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.

Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é William Bateson, duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal genetics sa bhliain 1905.[8][9] (Tháinig an aidiacht genetic ann roimh an ainmfhocal agus é tógtha ón bhfocal Gréigise genesis—γένεσις ("bunús"). Úsáideadh é den chéad uair i gciall bhitheolaíoch sa bhliain 1860.) Ba é Bateson a chuir an focal genetics i mbéal an phobail agus é ag tabhairt cainte don Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Hibridiú Plandaí i Londain sa bhliain 1906.[10]

Thosaigh eolaithe ag obair faoi anáil Mendel agus iad ag iarraidh teacht ar na móilíní sa chill a bhí freagrach as oidhreacht. Sa bhliain 1910 mhaígh Thomas Hunt Morgan go bhfuil géinte ar chrómasóim agus é ag cuimhneamh ar shóchán súl bán a bhain le gnéas i gcuileanna torthaí (Drosophila melanogaster).[11] Sa bhliain 1913 bhain a dhalta Alfred Sturtevant feidhm as an nascadh géiniteach chun a thaispeáint go bhfuil géinte cóirithe ina línte ar an gcrómasóm.[12]

Sóchán súl bán in Drosophila.

Comharthaí oidhreachta[athraigh | edit source]

Oidhreacht scoite agus dlíthe Mendel[athraigh | edit source]

Cearnóg Punnett ag taispeáint cros-síolrú idir dhá phónaire atá heitrisigeach do bhláthanna corcra (B) agus bána (b)

Go bunúsach faigheann orgánaigh oidhreacht trí thréithe scoite a dtugtar géinte orthu. [13] Ba é Gregor Mendel ba thúisce a thóg ceann de seo. Thug sé faoi deara go mbíodh dathanna gach pónaire corcra nó bán, agus gan aon dath idirmheánach le feiceáil. [14]

Is iomaí spéiceas (agus daoine san áireamh) a bhfuil dhá chóip de gach géin acu, sin cóip amháin ó gach tuismitheoir. Más spéiceas dioplóideach atá i gceist agus dhá chóip den ailléil chéanna de ghéin áirithe aige, deirtear go bhfuil sé homaisigeach sa lócas géiniteach sin. Tá sé heitrisigeach má tá dhá ailléil dhifriúla de ghéin áirithe aige.

Tugtar géinitíopa ar ailléilí orgánaigh agus tugtar feinitíopa ar thréithe infheicthe an orgánaigh. I gcás organaigh atá heitrisigeach sa lócas géiniteach, is minic a deirtear go bhfuil ailléil amháin “ceannasach,” ó tá a cuid tréithe chun tosaigh san fheinitíopa, agus go bhfuil an ceann eile “cúlaitheach,” mar nach féidir a cuid tréithe a fheiceáil.

Tá ailléilí ann nach bhfuil ceannas iomlán acu agus a chuireann ceannas easnamhach in iúl trí mheánfheinitíopa. Uiareanta cuirtear an dá ailléil in iúl go chothrom.[15]

Nuair a shíolraíonn dhá orgánach go gnéasach, faigheann a sliocht ceann den dá ailléil go teagmhasach ó gach tuismitheoir. Tugtar Dlí Mendel an Dealaithe ar an oidhreacht scoite seo agus ar dhealú na n-ailléilí.

Réimsí taighde[athraigh | edit source]

Amlíne[athraigh | edit source]

Leathanaigh eile[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Genetikos, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", ag Perseus
  2. Genesis, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", ag Perseus
  3. Online Etymology Dictionary
  4. "An Introduction to Genetic Analysis" (2000). New York: W. H. Freeman. 
  5. Hartl D, Jones E (2005)
  6. "Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884." (1991). American journal of medical genetics 40 (1): 1–25; discussion 26. doi:10.1002/ajmg.1320400103. PMID 1887835. 
  7. Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html
  8. genetics, n., Oxford English Dictionary, 3rd ed.
  9. http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.
  10. Bateson, W.. ‘The Progress of Genetic Research,’ Wilks, W. (eag.), Report of the Third 1906 International Conference on Genetics: Hybridization (the cross-breeding of genera or species), the cross-breeding of varieties, and general plant breeding. Royal Horticultural Society, London, 1907.
  11. Moore, John A.. ‘Thomas Hunt Morgan—The Geneticist,’ Integrative and Comparative Biology, Volume 23, Issue 4, 1983, lch 855
  12. Sturtevant, A.H. (1913). ‘The linear arrangement of six sex-linked factors in Drosophila, as shown by their mode of association,’ Journal of Experimental Biology, Volume 14, lgh 43–59: http://www.esp.org/foundations/genetics/classical/holdings/s/ahs-13.pdf
  13. Anthony, J. F.; Griffiths, Jeffrey H.; Miller, David T.; Suzuki, Richard C.; Lewontin, Gelbart (eag.) (2000). An Introduction to Genetic Analysis, W.H Freeman, New York (an 7ú heagrán). ISBN 0-7167-3520-2 |http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.630 |Caibidil: ‘Patterns of Inheritance: Introduction,’ William, M. (eag.)
  14. Anthony, J. F.; Griffiths, Jeffrey H.; Miller, David T.; Suzuki, Richard C.; Lewontin, Gelbart (eag.) (2000). An Introduction to Genetic Analysis, W.H Freeman, New York (an 7ú heagrán). ISBN 0-7167-3520-2 |http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.630 |Caibidil: ‘Mendel's experiments,’ William, M. (eag.)
  15. Anthony, J. F.; Griffiths, Jeffrey H.; Miller, David T.; Suzuki, Richard C.; Lewontin, Gelbart (eag.) (2000). An Introduction to Genetic Analysis, W.H Freeman, New York (an 7ú heagrán). ISBN 0-7167-3520-2 |http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.630 |Caibidil: ’Interactions between the alleles of one gene,’ William, M. (eag.)