Jean Dausset

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imdhíoneolaí a rugadh i dToulouse na Fraince ab ea Jean Dausset (1916-2009). Rinne sé taighde ar fhuilaistriú agus freagairt imdhíonach dó. Shaothraigh sé bealaí chun fuil is fíocháin eile a thíopáil, eolas a laghdaigh go mór diúltú orgán i máinliacht trasphlandaithe. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Baruj Benacerraf is George Snell i 1980.