George Bernard Shaw
Drámadóir Éireannach ab ea George Bernard Shaw (26 Iúil 1856 – 2 Samhain 1950).
Bhain Shaw Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1925. Ba é an drámadóir ba mhó le rá é lena linn.[1] Deirtear fós go bhfuil Shaw ar an dara drámadóir is mó a léirítear in amharclanna an domhain, sna sála ar William Shakespeare.
Phós sé Charlotte Payne-Townshend i Londain sa bhliain 1898, in aois 41 dó, pósadh áisiúlachta b'fhéidir agus clann ar bith.
Bhí Shaw ar an eite chlé go dtí na 1920idí. Níos déanaí, bhí an-mheas aige ar Stalin, Mussolini agus Hitler.
Fuair Shaw aois mhór (94): d'éag sé ar 2 Samhain 1950. Créamadh a chorp i Golders Green, Londain.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Drámaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing Shaw go leor conspóide lena linn. Mar shampla, ar an 28 Deireadh Fómhair 1905, léiríodh "Mrs Warren's Profession" i Nua Eabhrach don chéad uair. An bochtanas - agus an striapachas - a bhí i gceist. Stop na póilíní an dráma agus gabhadh na haisteoirí.
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Immaturity
- The Irrational Knot
- Love Among the Artists
- Cashel Byron's Profession
- An Unsocial Socialist
Aistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Commonsense about the War
- The Intelligent Woman's Guide to Socialism and Capitalism
- The Black Girl in Searc of God
- Everybody's Political What's What? 1944 Constable
Léirmheastóireacht cheoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díospóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Shaw V. Chesterton, a debate between George Bernard Shaw and G.K. Chesterton 2000 Third Way Publications Ltd. ISBN 0-9535077-7-7
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Shaw, George Bernard | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-11-02.