Gairleog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bleib ilbhliantúil a fhásann suas le 60 cm ar airde. Na duileoga caol maol. Na bláthanna idir glas is corcairdhearg, i gcruth réalta, measctha le bleibíní. Dúchasach don Áise, ach saothraithe i réigiún na Meánmhara leis na cianta ar son blas láidir na mbleibeanna, a úsáidtear go forleathan sa chócaireacht. Tá plandaí fiáine a úsáidtear ina hionad, ach níl siad leath chomh láidir.