Gafann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó débhliantúil giobach greamaitheach bréan, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga mór bog, fiaclach a bheag nó a mhór. Na bláthanna 2-3 cm ar leithead, iompartha i mbláthra cuartha. An chailís feadánach. 5 mhaothán ar an gcoróinín, buí báiteach is corcra. Nimhiúil de bhrí go gcuimsíonn sí alcalóidigh éagsúla, go háirithe hióisciaimín is scópailimín. Baintear feidhm as eiseatocsainí aisti i míochaine an lae inniu, chun suaimhneasáin a dhéanamh den chuid is mó.