Frank Lloyd Wright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Frank Lloyd Wright

Bhí Frank Lloyd Wright (8 Meitheamh 18679 Aibreán 1959) ar cheann dos na hailtirí ba cháiliúla agus ba mhó tionachar sa domhan.

Bhí gníomhréim Wright chomh fada agus rathúíl sin, leis an oiread sin stíleanna difriúla, go raibh a shaol mar aon le sraith gluaiseachtaí in áit saol fear amháin. An factóir coitianta leis na stíleanna uilig seo ná, dar le Wright, go raibh síad uilig forbairt den stíl órgánach. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht Mheiriceá agus b'é gan dabht, an t-ailtire Meiriceánach ba cháiliúila riamh.

Luathshaol[athraigh | edit source]

Mar mhac de mhinistéir Baisteach agus de mháthair ón Bhreatain Beag, chaith Wright a lán dá shaol luath ar fheirm a uncail i Madison, Wisconsin. Ba bheag oideachais fhoirmiúl a bhí ag Wright ach do léigh sé go forleathan, mar shampla téacsanna de chuid Ruskin agus Emerson ach go háirithe. Bhí tionachar mór ag scríbhneoireacht Emerson ar, ach go háirithe an bhéim a chuir sé ar féinspléachas, soirbheachas agus aonaracht.

Tús a ghníomhréim[athraigh | edit source]

An chéad oifig inar obrigh Wright ná oifig Joseph Lyman Silsbee, sa bhliain 1887 ach go gairid ina dhiaidh sin d'aistrigh sé chuig oifig Sullivan & Adler, áit ar obair sé ar an foirgnimh amharclann Chicago. Bhí sár-thionachar ag an oifig sin ar obair Wright ach go háirithe os rud é go raibh Sullivan Ailtireacht órgánach i mbéal forbartha ag Sullivan. An chéad teach a thóg sé ná teach dó féin agus a chéad bhean chéile in Oak Park, Chicago, i 1889. Ba shampla é seo den 'stíl seanagáin' le gnéithe Seapánacha caite isteach.

In a dhiaidh sin do thóg sé Teach Winslow i River Forest , Illinois (1893). Mar chodarsnacht bhí sé seo mar bosca siméadrach agus tógtha le brící agus terracotta

Sa bhlían 1893 caitear amach as oifig Sullivan é toisc go raibh sé ag obair ar coimisiúin príómháideach. Tar éis seo thosaigh sé i ndáiríre ag forbairt a stíl fhéin. Chuir sé an-bhéim ar geoméidracht, soiléireacht agus comhsheasmhacht, le phlánaí agus gnéithe trasnacha. Cé gur thóg sé an oscailteact ón stíl scaineagán ('shingle style') níor bhac sé le simléir ard attic agus na gnéithe sin. Ionad sin chuir sé béim ar néithe cothromáinta, fada, gan íad a bheith idirscortha le fuinneoga agus doirse is na gnéithe sin. Tá a stíl seo le shonrú i Teach Warren Hickox, Kanake, Illinois. Glaoitear an Stíl Féarthalamhach ('Prairie style') ar seo as ocht alt a scríóbh Wright i 1901 sa Ladies' Home Journal faoin cheannteideal 'Teaglach i baile féarthalamhach'('A Home in a Prairie Town'). Dar leis an alt, d'fhéadthach teach mar seo bonnchló le foirm 'X', 'T', nó 'L', leis an féidireacht do leibhéil scartha agus seomra suí de airde dúbalta.