Frainciam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachFrainciam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Frainciam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachFr
Uimhir adamhach87
Cumraíocht leictreon[Rn] 7s¹
Peiriad, Grúpadúil ghrúpa 1
peiread 7
miotail alcaile
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht0.7
Ga ianach1.8
Stair
AimsitheoirMarguerite Perey
Fionnachtain1939
Eapainman Fhrainc

Is é an frainciam (Fr) dúil cheimiceach uimhir a 87. Miotal alcaileach atá ann, agus is féidir a bheith ina mhuinín go bhfuil sé cosúil leis na miotail alcaileacha eile (sóidiam, potaisiam, caeisiam, cuir i gcás) ó thaobh na saintréithe ceimiceacha de - is é sin, gur dual dó aon leictreon amháin a thabhairt uaidh agus é ag dul i gcomhdhúil, agus go rachaidh sé trí thine in imoibriúchán fíochmhar má théann sé i dteagmháil le huisce. Is beag eile is féidir a fháil amach faoi, nó le fírinne, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige, agus an leathré atá acu tá sí chomh gairid is nach bhfuil sé indéanta cnapán mór frainciam a aonrú le taighde a dhéanamh air. Bheadh a leithéid de chnapán iontach dainséarach le láimhseáil fosta, nó bheadh sé te bruite le radaighníomhaíocht. Is é 223Fr an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an bhfrainciam, agus níl sé féin róchobhsaí (leathré: 22 nóiméad).

Ba í Marguerite Perey ba thúisce a d'aithin an frainciam sa dúlra, sa bhliain 1939. Bíonn rianta an-bheaga den dúil seo i mianraí úráiniam agus tóiriam, nó is ceann de na lúba i meathshlabhra 235U é 223Fr. Bhí Perey ag obair d'Institiúid Curie i bPáras, an Fhrainc, agus fuair an dúil a hainm ón tír.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]