Foirmiúlachas Rúiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist leis an bhFoirmiúlachas Rúiseach ná scoil thábhachtach criticeoireachta a bhí gníomhach i saol liteartha na Rúise ó bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda go tús na dtríochaidí. Chuir lucht leanúna an fhoirmiúlachais béim ar leith ar thábhacht an tsaothair liteartha mar rud neamhspleách, rud a bhí beag beann ar a scríbhneoir. Is é an dearcadh a bhí acu ná gur chóir an teanga liteartha a anailisiú agus a thaighde mar rud ann féin, in áit a bheith ag plé le cuspóirí an scríbhneora.

Is féidir a rá gur cineál ceannairce a bhí i gceist, nó roimh lá an fhoirmiúlachais, bhí sé de nós ag na léirmheastóirí liteartha sa Rúis díriú ar chuspóirí idéalacha an scríbhneora agus an saothar a mholadh nó a lochtú dá réir, seachas a bheith ag tabhairt breithe ar an saothar mar shaothar liteartha ealaíonta. Bhí an tseantuiscint "idéalach" seo ar an litríocht bunaithe ar theoiricí litríochta Vissarion Belinskiy agus Nikolay Dobrolyubov, arbh iad criticeoirí móra litríochta na naoú haoise déag sa Rúis iad. Bhí na foirmiúlaithe den bharúil freisin gur chóir do na criticeoirí agus na léirmheastóirí modhanna oibre na teangeolaíochta a chur i bhfeidhm ar an saothar liteartha agus iad ag déanamh staidéar air, le saintréithe teanga an tsaothair sin a aithint.

Ceann de na príomhchoincheapa ag na foirmiúlaithe í an "litríochtúlacht". Ba é an tuiscint a bhí acu ar theanga na litríochta gur scinneadh ó ghnáthúsáid na teanga í, nó fiú gurb ionann litríocht a scríobh agus drochíde a thabhairt don teanga, an teanga a chur as a riocht, agus gurb ionann an drochíde seo agus "litríochtúlacht" na teanga. Fuair an tuiscint seo spreagadh ón dóigh a raibh scríbhneoirí nua-aimseartha na linne, cosúil le lucht an todhchaíochais - Vladimir Mayakovskiy agus Velimir Khlebnikov, cuir i gcás - ag cur casadh nua ar fad ar an teanga ina gcuid filíochta.

Ba é tuiscint na bhfoirmiúlaithe ná go raibh an litríochtúlacht agus míchumadh na teanga dírithe ar chuma choimhthíoch a chur ar an réaltacht i súile an léitheora, is é sin, an réaltacht a choimhthiú. Fuair Bertolt Brecht an coincheap sin - an coimhthiú, nó Verfremdung - ar iasacht ó na foirmiúlaithe, agus bhí an-ról ag an gcoimhthiú ina thuiscint féin ar an litríocht agus ar an amharclannaíocht. Bhí Brecht den tuairim gur chóir an réaltacht a choimhthiú le súil an léitheora nó an ghnáthóra amharclainne a tharraingt ar ghnéithe den réaltacht nár léir dó roimhe sin.

Rinne na foirmiúlaithe neamhshuim den scríbhneoir mar dhuine, agus ní raibh mórán measa acu ar bheathaisnéisí na scríbhneoirí. Bhí de chlaonadh iontu a cheapadh nach raibh i saol an scríbhneora cibé scéal é ach iarracht an scríbhneora cuma a linne a chur air féin agus faisean a linne a leanúint. Bhí sé ní ba tábhachtaí, dar leis na foirmiúlaithe, sruthanna, saintréithe agus faisin na dtréimhsí éagsúla a aithint.

Coincheap tábhachtach eile ab ea an ceannasach. Is éard atá i gceist leis an gceannasach ná na tréithe nó an cineál ealaíne is dual don tréimhse, agus fágann an ceannasach a aithne is a lorg ar gach sórt ealaíontóireachta lena linn. Mar shampla, má ghlacaimid leis gurbh é an snagcheol ceannasach na bhfichidí, is ionann sin is a rá go bhfuil tionchar an tsnagcheoil le haithint, fiú, ar scríbhneoireacht na linne - is é sin, ní hamháin go mbíonn na scríbhneoirí ag cumadh scéalta faoi shaol na gclubanna snagcheoil, ach go mbíonn siad ag iarraidh an teanga a chur as a riocht ar dhóigheanna atá faoi thionchar an tsnagcheoil.

Ba iad na foirmiúlaithe ba tábhachtaí ná Viktor Shklovsky, Yuri Tynianov, Vladimir Propp, Boris Eichenbaum, Roman Jakobson, agus Grigoriy Vinokur. Chuaigh an foirmiúlachas i bhfeidhm ar Mikhail Bakhtin agus Yuri Lotman. Ní raibh na foirmiúlaithe féin róshásta leis an ainm a baisteadh ar a scoil criticeoireachta, ach ó bhí siad ag cur béime ar thaighde na foirme in áit thaighde an ábhair, níl sé as cosán an t-ainm sin a thabhairt orthu. OPOYAZObshchestvo izuchaniya poeticheskogo yazyka ("Cumann Taighde na Teanga Fíleata") an t-ainm a bhí ar chlub na bhfoirmiúlaithe, ach is ar éigean is féidir a rá go raibh an t-iomlán acu chomh freastalach le chéile ar imeachtaí an chumainn.

Nuair a tháinig an Marxachas ceartchreidmheach faoi réim i saol cultúrtha an Aontais Shóivéadaigh faoi Stailín, cuireadh cosc leis an bhfoirmiúlachas scun scan agus thosaigh maorlathaigh an chultúir ag cur foirmiúlachais i leith gach scríbhneoir nó ealaíontóir nach raibh ag leanúint pholasaithe oifigiúla cultúrtha na tíre sách dian. An chuid ba mhó de na foirmiúlaithe, áfach, d'éirigh leo teacht slán as an ngéarleanúint trína gcuid "earráidí foirmiúlacha" a "admháil" go poiblí. Chuir siad cuma an Mharxachais ar a gcuid smaointí, agus lean siad leo ag teagasc sna hollscoileanna. Dealraíonn sé gur éirigh leis an gcuid is mó acu na campaí géibhinn a sheachaint leis an gcleas seo.