Engelbert Dollfuss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Engelbert Dollfuss sa Ghinéiv, 1933

Bhí Engelbert Dollfuss (4 Deireadh Fómhair 1892 – 25 Iúil 1934) ina cheannaire ar an Ostair. In Texing i ndeisceart na hOstaire a rugadh é. Thosaigh sé a ghairm mar cheannaire na hOstaire sa bhliain 1932 agus maraíodh é sa phost i 1934 nuair a mharaigh naitsithe é i Vín. Bhí sé frithchummanach agus bhí an deachtóir san Iodáil, Benito Mussolini, a chara. Nuair a mharaíodh Dollfuss chuaigh a theaghlach chuig Mussolini san Iodáil.