Eibhlín Dubh Ní Chonaill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1743 |
Bás | 1800 56/57 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Máthair | Máire Ní Dhonnchadha Dhuibh |
Duine muinteartha | Dónall Ó Conaill (nia) |
Aithnítear Eibhlín Dubh Ní Chonaill (t.1743-c.1800) mar chumadóir an chaointe cháiliúil, Caoineadh Airt Uí Laoghaire.[1] Ba í Eibhlín Dubh bean chéile Airt Uí Laoghaire.
Óige agus Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh í i nDoire Fhionáin Co Chiarraí sa bhliain 1743. Bhain Eibhlín Dubh le muintir Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin[2]. i gContae Chiarraí. Ba iníon do Dhomhnall Mór Ó Conaill í[2]. Bhí fiche a dó siblín aici[2]. Bhí sí ina haintín ag Dónall Ó Conaill.
Bhí go leor airgid déanta ag Muintir Uí Chonaill ón smugláil agus iad ina gcuid d'iarsmaí na huas-aicme Gaelaí Cailicí i gCiarraí. Ba é Domhnall Mór Ó Conaill a hathair, Muiris a' Chaipín ab ainm dá dheartháir a raibh gnó mór smuigleála á reáchtáil aige.
Pósadh í le Conchubharach ó na Foidhrí agus í ina chailín cúig bliana d'aois.[2]. Ach ba sheanfhear caite é agus fuair sé siúd bás taobh istigh de thréimhse sé mhí.
Eibhlín agus Art
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thit Eibhlín i ngrá le hAirt Uí Laoghaire go gearr tar éis dó filleadh ón Mór-Roinn. Bhí sí fiche is a trí bliana d’aois nuair a bhuail sí le hAirt. Thit Eibhlín i ngrá le hAirt nuair a chonaic sí é ar chapall bán is cosúil[2]. Ní raibh a clann sásta leis an ngaol sin[2]. D’éalaigh siad le chéile agus phós siad ar 19 Nollaig 1767[2].
Phós siad i gcoinne thoil mhuintir Uí Chonaill, a bhí buartha go dtarraingeodh teasaíocht Airt aird na n-údarás Gallda orthu agus ar an ngnó a bhí ar bun acu ar chósta cúlráideach Chiarraí.
Bhog Eibhlín agus Airt go Rath an Liath. Bhí siad ina gcónaí le athair O Laoghaire[2]. Rugadh cúigear clainne beo di ach fuair triúr bás[3]. Bhí sí ag iompar linbh nuair a fuair Art bás[3].
Caoineadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Nóra Ní Shíndile an caoin síos agus mar sin tá muid ábalta é a léamh inniu[4][5]. D’fhoilsigh an LCIB an caoineadh in 1892[4] [5].
Leabhair Thagartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Tuama, Seán, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, (Baile Átha Cliath 1961/1999)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuntas ar scéal Airt Uí Laoghaire ó Chumann Staire Bhéal Átha 'n Ghaorthaidh
- Lost World: RTÉ ar Youtube[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “NÍ CHONAILL, Eibhlín Dubh (c.1743–c.1800) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 "Famous People | O'Connell Clan Site" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-14. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ 3.0 3.1 "Famous People | O'Connell Clan Site" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-14. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ 4.0 4.1 Méadhbh Nic an Airchinnigh (2010). ""Caoineadh Airt Uí Laoghaire": Blood-drinking, Art's Sister and Censorship in Father Peter O'Leary's Manuscripts P and Pead". Harvard Celtic Colloquium (30).
- ↑ 5.0 5.1 michaeld (2011-01-15). "An Caoineadh Airt Uí Laoghaire" (en-US). Millstreet.ie. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ muisire (2013-05-01). "RTÉ: THE LOST WORLD OF ART Ó LAOGHAIRE".