Art Ó Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba chaptaen Caitliceach Éireannach in Arm na hOstaire san 18ú haois é Art Ó Laoghaire (t.1747 - 4 Bealtaine 1773). Bhí sé pósta le hEibhlín Dubh Ní Chonaill, bean a bhfuil caoineadh mór le rá faoina fear céile, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, luaite léi.

Óige[athraigh | edit source]

Bhain Art le teaghlach Caitliceach in Iarthar Chorcaí. Bhí neart saibhris ag an teaghlach seo, in ainneoin na bPéindlíthe a bheith i bhfeidhm ag an am. Fearacht go leor d'fhir óga Chaitliceacha na haicme sin in Éirinn, d'fhág sé an tír agus é go hóg chun seirbhís a thabhairt in arm Caitliceach ar an Mór-Roinn. Shocraigh Art féin ar arm Impireacht na hOstaire agus ba ghearr go raibh ard-stádas bainte amach aige mar shaighdiúir oilte cumasach. Chaith sé tamall mar Husár Ungáireach faoin mBanimpire Máire Treasa agus d'fhill ar Éirinn ansin sa bhliain 1767 le bheith ina chónaí ar thalamh a mhuintire i Ráth Laoich.

Art ar ais in Éirinn[athraigh | edit source]

Ba dhuine calma teasaí é Art agus níor thúisce é ar ais in Éirinn ná go raibh sé ag cothú trioblóide le mór-uaisle Gallda an cheantair. Chuaigh sé in achrann go háirithe le hArd-Shiarriam Chorcaí, Abraham Morris, a bhí ina chónaí i Hanover Hall.

Bás[athraigh | edit source]

Maraíodh Ó Laoghaire in aice le Carraig an Ime agus cuireadh é ar dtús i gCill na Martra, mar nach gceadódh Morris dá bhean chéile é a chur lena mhuintir i Mainistir Chill Cré. Cuireadh ansin é faoi dheireadh, tar éis do Mhorris an tír a fhágáil.

Leabhair Thagartha[athraigh | edit source]

  • Ó Tuama, Seán, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, (Baile Átha Cliath 1961/1999)

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Scríobh Brían Óg Ó Murchú amhrán darbh ainm 'The Ballad of Art O' Laoghaire', atá bunaithe ar scéal Airt, agus a bhás.