Edwin Hubble

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edwin Powell Hubble
Edwin-hubble.jpg
Dáta breithe 20 Samhain, 1889
  Marshfield, Missouri, SAM
Dáta báis 28 Meán Fómhair, 1953
  San Marino, California, SAM
Réimsí Réalteolaíocht
Iomráiteach do Teoiric na hollphléisce,
Dlí Hubble,
Deargaistriú,
Seicheamh Hubble.

Ba réalteolaí Meiriceánach é Edwin Powell Hubble (20 Samhain, 1889 - 28 Meán Fómhair, 1953) a d'athraigh nach beag ár dtuiscint ar an gcruinne leis a léiriúchán go bhfuil réaltraí eile ann seachas ár gcuid féin, m.sh. Bealach na Bó Finne. Thug sé faoi deara freisin go dtagann méadú ar an "t-aistriú Doppler" (go sonrach ar an "Deargaistriú") i speictream solais ó réaltraí eile i gcomhréir le fad an réaltra ar leith ón Domhan. Tugtar Dlí Hubble ar a an ghaol seo, agus chuidigh sé leis an tuairim go bhfuil an chruinne ag fairsingiú. Thug Vesto Slipher an t-aistriú Doppler i speictrim na réaltraí faoi deara ar dtús báire ní Hubble, ach d'úsáid Hubble na sonraí a bhí faighte amach roimhe ag Slipher.