Dlí Moore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fíoras, maidir le fás is forbairt na leictreonaice, go méadaíonn an oiread trasraitheoirí is féidir a phacáil ar chiorcad iomlánaithe faoi dhó gach dhá bhliain. Ar an mbealach céanna, dúblaíonn dlús acmhainn na cuimhne is minicíocht an chloig i ríomhairí gach dhá bhliain freisin. Seasann an dlí seo ó 1980 nó mar sin anuas. Bhítí á thuar ó am go chéile nárbh fhéidir go leanfadh sé a thuilleadh agus go stopfadh fás na leictreonaice, gan aistriú éigin paraidíme, eolaíochtteicneolaíocht nua, cuir i gcás, X-ghathanna a úsáid chun na slisní sileacain a nochtadh is mar sin pacáil níos dlúithe a fháil, nó ríomhairí le próiseáil chomhthreomhar ionas gurbh fhéidir 8, 16 nó 32 próiseáil scoite a dhéanamh ag an am céanna an t-am ar fad.