Dick Cheney
Fear gnó agus iarpholaiteoir Meiriceánach is ea Richard Bruce Cheney (a rugadh ar 30 Eanáir 1941). Bhí sé ina 46ú leasuachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ó 2001 go dtí 2009, nuair a bhí George W. Bush ina uachtarán. Fear mór cogaidh a bhí ann, i bhfad amach ar an eite dheis.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Cheney i Lincoln, Nebraska ar an 30 Eanáir 1941. Ba iad Richard Herbert Cheney agus Marjorie Dickey Cheney a thuismitheoirí. D'oibrigh a athair do Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe. Tá deirfiúr amháin agus deartháir amháin aige.
D'fhás sé aníos i gCasper, Wyoming, agus bhuail sé lena bhean chéile, Lynne Cheney, san ardscoil, nuair nach raibh ach ceithre bliana déag slánaithe aige. Tar éis na hardscoile, bhuaigh Cheney scoláireacht chun freastail ar Ollscoil Yale sa bhliain 1959, ach d'fhág sé í de dheasca drochmharcanna ina chuid scrúdaithe.
Sa bhliain 1963, chuaigh sé go dtí Coláiste Pobail Casper agus tar éis sin d'fhreastail sé ar Ollscoil Wyoming. Bhain sé céim baitsiléara amach sa bhliain 1965 agus máistreacht san eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1966.
Fear gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Cheney ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcomhlacht Halliburton - tionscal na harmála - go dtí an bhliain 2000.
Feisire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an suíochán in Wyoming i dTeach na nIonadaithe ag Dick Cheney, ar feadh deich mbliana ó 1979 go dtí 1989.[1]
Leasuachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fear mór cogaidh a bhí ann, i bhfad amach ar an eite dheis. Ceannaire lucht na cogaíochta faoi Bush, in éineacht le Donald Rumsfeld, bhí Cheney ag iarraidh deireadh a chur le réimeas Saddam Hussein, I bhfad roimh 9/11 fiú
Siar sna 2000ídí, dúirt Cheney nár chreid sé sa téamh domhanda.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liz Cheney, a iníon
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh do Liz Cheney" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-24.