Dearbhorghaill iníon Mhurchaidh Uí Mhaoil Sheachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDearbhorghaill iníon Mhurchaidh Uí Mhaoil Sheachlainn
Beathaisnéis
Breith1108 (Féilire Ghréagóra)
Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1193 (Féilire Ghréagóra)
84/85 bliana d'aois
Cluain Mhic Nóis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois
Eile
Teideal uasalBanphrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachClann Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
CéileTigernán Mór Ua Ruairc Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchad mac Domnaill Ua Máel Sechnainn (en) Aistrigh
SiblínMáel Sechlainn mac Murchada Ua Máel Sechlainn

Bean uasal de chuid na agus Ríon Bhréifne ab ea Dearbhorghaill (Meán-Ghaeilge: Derbforgaill) (1108–1193).

Ba é Murchadh Ua Maoil Sheachlainn, Rí na Mí, a hathair agus ba í a bhean siúd, Mór iníon Mhuircheartaigh Uí Bhriain (d'éag sí in 1137), a máthair. “Héilin na hÉireann” a thugtar uirthi scaití mar nuair a d’fhuadaigh Diarmaid Mac Murchadha, Rí Laighean, óna fear céile Tighearnán Ua Ruairc í, i 1152, d'imir sé sin tionchar éigin i dtarraingt na Normannach go cladach na hÉireann. Déantar áibhéil den ról seo go minic áfach, agus baintear an chiall contráilte as.

Fothrach
Mhainistir Mhór Dhroichead Átha, ar bhronn Dearbhorghaill deontas flaithiúlach uirthi in 1157

Luaitear faoi chúig í ar a laghad sna hannála comhaimseartha, rud neamhghnách do bhean a linne. Tagraítear dá fuadach ag Diarmaid sa bhliain 1152 (Annála Chluain Mhic Nóis), cé gur fhág sí Laighin faoi dheireadh na bliana dár gcionn agus d’fhill sí ar thailte a muintire sa Mhí, tar éis caibidlíochta le muintir a hathar, b'fhéidir. Léitear faoi mar a bhronn sí éadaí altóra, cailís óir, agus 60 unsa óir ar Mhainistir Mhór Dhroichead Átha le linn an tsearmanais choisric i 1157 (Annála na gCeithre Máistrí). Luaitear a críochnú in Eaglais na mBan Rialta i gCluain Mhic Nóis i 1167 (Annála na gCeithre Máistrí). Chuaigh sí isteach i gCluain Mhic Nóis í féin sa bhliain 1186 (Annála Uladh, Annála Loch Cé), agus fuair sí bás i gCluain Mhic Nóis sa bhliain 1193 (Annála Uladh, Annála na gCeithre Máistrí).

Bhí triúr clainne ag Tighearnán Ua Ruairc: Maoil Sheachlainn (d’éag 1162), Aodh, rídhamhna Bhréifne, a cailleadh ag troid leis na Normannaigh (d’éag 1171) agus "Dowchawley" (d’éag 1171), bean a phós Ruaidhrí Ua Conchobhair, ard-rí na hÉireann, ach níltear cinnte arbh í Dearbhorghaill a máthair.

Fuadach agus Ionradh na nGall ar Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Diarmaid Mac Murchadha, Rí Laighean as fóilió 56r de LNÉ MS 700 (Expugnatio Hibernica)

Is as a fuadach ag Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighin sa bhliain 1152 is mó a chuimhnítear ar Dhearbhorghaill, gníomh a thionscain ionradh na Normannach ar Éirinn, más ea, go déanach sa dara haois déag. Is i rith oibríocht mhíleata i gcoinne a fear céile ag Toirdhealbhach Ua Conchobhair (Rí na hÉireann) agus ag Mac Murchadha in éineacht a tharla an fuadach.

Ní réitíonn na cuntais marthanacha sna hannála Éireannacha i gcuid de na mionsonraí ach, rud is tábhachtaí, tá siad éagsúil ó fhoinsí na Normannach níos déanaí sa mhéid is nach ndéanann siad imeachtaí na 1150idí agus na 1160idí a chomhbhrú le chéile sa chaoi is go dtugann siad siúd le fios gurb é fuadach Dhearbhorghaill a bhí faoi deara dhíbirt Mhic Mhurchadha agus an cúnamh Sasanach a ghabh sé chuige ina dhiaidh sin.

Cuntais sna hAnnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

As gach cuntas ar a fuadach dá bhfuil ann, is dócha gurb é cuntas Annála Tiarnaigh an t-aon cheann atá comhaimseartha leis an imeacht: [1]

Sluaiged la Toirrdelbach h-Úa Concobair ⁊ la Diarmuid Mac Murchadha ar amus Tighernaín h-Úi Ruairc, cor' loiscet Bun Cuilínd, ⁊ co tardsat maidm for Tighernan, ⁊ coro righsad mac Gilla Bruidi h-Úi Ruairc ar Conmaicne, ⁊ cor' gab a n-aird-righi uile, ⁊ co ruc' Diarmuid Mac Murchadha rí Laigen, ben h-í Ruairc ar éicin lais a Midhi .i. Dirborgaill ingen Murchadha, cona maithius. [2]

Dar leis an bhfoinse chéanna, theith sí ó Mhac Murchadha faoi cheann bliana.[3] Is é an dara chuntas is suntasaí ná an ceann in Annála na gCeithre Máistrí na seachtú haoise déag, a thuairiscíonn:

Sluaighedh lá Mag Lochlainn i Mídhe co Raith Cendaigh h-i c-comhdhail fer n-Ereann, & Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do dhol i Mídhe i c-comhdhail Uí Lachlainn & Diarmada Mec Murchadha Laighen. Ro rannsat dna, Mídhe ar dhó don chur-sin. Tucsat ó Chluain Eraird siar do Mhurchadh Ua Mhaoileachlainn, & Airther Mídhe dia mhac dó Mhaoileachlainn. Ro benaid dna Conmaicne do Thighernán Ua Ruairc iar sraoineadh fair, & ro loisg an baile dianad ainm Bun Cuilinn, & do-radadh ríghe do mac Giolla Braide Uí Ruairc, & do-rattaitt a m-braighde do Thoirrdhealbhach Ua Chonchobhair. Rugadh dna, Dearbhforgaill, inghen Murchadha Uí Mhaoileachlainn, ben Tighernan Uí Ruairc Laighen .i. Diarmaid cona crodh, & cona h-airilledh don turus-sin & ro fhaoi lé do réir comhairle a bráthar Mhaoilechlainn. Ro fhás dná, cogadh etir Uí Briúin, & Fheraibh Midhe. [4]

Is léir go bhfuil Annála na gCeithre Máistrí ag brath ar fhoinsí éagsúla ag an bpointe seo, mar gheal go bhfuil tuairisc faoi dhó ar fhilleadh Dhearbhorghaill ó Laighin i 1153. Uair amháin agus í á tabhairt ar shiúl ag Toirdhealbhach Ua Conchobhair le teann nirt agus í á tionlacan chuig a fir muinteartha (agus ní chuig a fear), [5] agus an dara huair ar mhodh nach fada ón scéal in Annála Tiarnaigh (mar a fhilleann sí ar Ua Ruairc uaithi féin).[6] Tá an cur síos atá in Annála Chluain Mhic Nóis ón seachtú haois déag gar go leor don chur síos in Annála na gCeithre Máistrí, cé go bhfuil sé níos lasánta, agus is é an t-aon fhoinse ó annála na hÉireannach é a bheireann breithiúnas morálta ar Mhac Murchadha, agus milleán á chionroinnt ag an am céanna ar Ua Ruairc:

Dermott mcMurrogh king of Leinster tooke the lady Dervorgill, daughter of the said Morrogh o’Melaghlin, and wife of Tyernan o’Royrck, with her cattle with him, and kept her for a long space to satisfie his insatiable, carnall and adulterous lust, shee was procured and enduced thereunto by her unadvised brother Melaghlin for some abuses of her husband Tyernan don before. [7]

As na cuntais atá fágtha in annála na hÉireann, is cosúil gur scríobhadh Leabhar Mhic Carthaigh tar éis an ionraidh agus is cosúil go leanann sé cuntais na nGall, [8] agus ní chuireann iontráil ghiorraisc Annála Mhainistir na Búille mionsonraí ar bith breise leis. [9]

Cuntais Luatha na nGall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an dá chuntas is luaithe de chuid na nGall a phléann le fuadach Dhearbhorghaill ná Expugnatio Hibernica (‘Concas na hÉireann’) Ghearailt na Breataine Bige agus an dán gan ainm i bhFraincis na Normannach Chanson de Dermot et du comte.

Leanann Chanson de Dermot et du comte agus Expugnatio Hibernica an patrún céanna, ag cur fuadach Dhearbhorghaill sa bhliain 1152 agus díbirt Mhic Murchadha i 1166 i láthair amhail is gur tharla siad san am céanna. Maíonn an Chanson gur thit Dearbhorghaill i ngrádh le Diarmaid, ach nach raibh ina ghrá dise ach cur i gcéill, é ag iarraidh í a mhealladh ó Ua Ruairc, mar mhodh chun díoltas a bhaint amach ar son éagóracha éigin a d'imir Leath Choinn ar Leath Mhógha.[10] Níos déanaí, shocraigh sí coinne leis, más ea, mar a d'fhéadfadh sé í a thabhairt ar ais leis go Laighin gan cur ina aghaidh.[11] Deirtear go rinne Ua Ruairc gearán le Rí Connacht (gan ainm), duine a d'áitigh ar chomhghuaillithe Mhic Mhurchadha é a thréigean is a chur ar deoraíocht.[12] In insint an Chanson (agus go pointe in Annála Chluain Mhic Nóis agus Annála na gCeithre Máistrí) is léir gur cuireadh dallamullóg ar Dearbhorghaill, ach is mó an milleán a leagan Gearalt na Breataine Bige uirthi in Expugnatio Hibernica.

Áirse i bhfothrach
Cluain Mhic Nóis, áit a bhí cónaí ar Dhearbhorghaill i ndeireadh a saoil thiar

Tá léirmhínithe éagsúla déanta ar fhuadach 1152. Is cosúil go ndeachaigh Dearbhorghaill go toilteanach, agus gur ghabh léi a heallach is a hairnéis, é seo uile ar áitimh a bráthair óig, Maoil Sheachlainn. Tuairimítear gur iarracht a bhí anseo ar thaobh a muintire ar thaobh a athar, teaghlach ríoga na Mí, comhghuaillíocht nua a chruthú trí phósadh, le Diarmaid Mac Murchadha. De réir dealraimh ba ghnáthchleachtas é in Éirinn sa dóú haois déag bonn foirmiúil a chur faoi chonarthaí le pósadh, féach an cleamhnas a rinne Diarmaid Mac Murchadha idir a iníon Aoife agus Risteard de Clare, agus i 1165 ghabh an t-Ardrí iníon Rí Uladh mar ghiall, is dócha, díreach chun comhghuaillíocht nua a chosc ar a hathair.

Aontaíonn formhór na staraithe nach raibh aon rómánsúlacht i gceist, agus go raibh an pholaitíocht ríoraíoch ba chionsiocair leis an aighneas. Is cosúil, áfach, gur fhág sé nimh san fheoil ag Tighearnán, a d'éiligh cúiteamh dlíthiúil 100 unsa óir ó Dhiarmada sa bhliain 1167, rud a chuir Ruaidhrí Ua Conchobhair i bhfeidhm.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá bearnaí in Annála Uladh, Annála Loch Cé agus Annála Inis Faithlinn um an dtaca seo.
  2. Färber, Beatrix (25/09/2008). “Annals of Tigernach”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Dáta rochtana: 10 Márta 2024. 1152.6
  3. Färber, Beatrix (25/09/2008). “Annals of Tigernach”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Dáta rochtana: 10 Márta 2024.
  4. Ó Corráin, Donnchadh agus Cournane, Mavis (03 Nollaig 2013). “Annals of the Four Masters”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2015. Dáta rochtana: 8 Márta 2017. 1152.10
  5. Ó Corráin, Donnchadh agus Cournane, Mavis (03 Nollaig 2013). “Annals of the Four Masters”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2015. Dáta rochtana: 8 Márta 2017. 1153.11
  6. Ó Corráin, Donnchadh agus Cournane, Mavis (03 Nollaig 2013). “Annals of the Four Masters”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2015. Dáta rochtana: 8 Márta 2017.
  7. Murphy (1896). "The Annals of Clonmacnoise: being annals of Ireland from the earliest period to A.D. 1408".  s.a. 1152
  8. The account in Mac Carthaigh’s Book (which in its extant form was compiled in the sixteenth-century) places Derbforgaill’s abduction in 1165, most likely under the influence of Gerald of Wales’ account, and was clearly written at some remove, as evinced by its statement that its account was ‘according to some books’: Ó hInnse, Séamus (ed.), Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114–1437) (Dublin, 1947), sub anno 1165.3. That these were Anglo-Irish sources is suggested by its reliance, for events in the very same year, on ‘books of the Galls [English]’: ibid., sub anno 1165.5.
  9. Freeman (13 Feabhra 2010). “The Annals in Cotton MS. Titus A. XXV”. Corpus of Electronic Texts (CELT). Dáta rochtana: 9 Márta 2017. sub anno 1152.
  10. Mullally (2002). "The Deeds of the Normans in Ireland (La Geste des Engleis en Yrlande): A new edition of the chronicle formerly known as The Song of Dermot and the Earl". Dublin: Four Courts Press. ISBN 1851826432.  Línte 60-71.
  11. Mullally (2002). "The Deeds of the Normans in Ireland (La Geste des Engleis en Yrlande): A new edition of the chronicle formerly known as The Song of Dermot and the Earl". Dublin: Four Courts Press.  Línte 60-71.
  12. Mullally (2002). "The Deeds of the Normans in Ireland (La Geste des Engleis en Yrlande): A new edition of the chronicle formerly known as The Song of Dermot and the Earl". Dublin: Four Courts Press.  Línte 112-223.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annals of Clonmacnoise, aist. Connell MacGeoghegan (1627), eag. Denis Murphy (1896). The Annals of Clonmacnoise. Baile Átha Cliath: Royal Societyof Antiquaries of Ireland. s.a. 1152, 1167.
  • Flanagan, Marie-Therese, Irish Society, Anglo-Norman Settlers, Angevin Kingship, Oxford, 1989.
  • Ni Ghradaigh, Jenifer, ' 'But what exactly did she give?' Derbforgaill and the Nuns' Church', in Clonmacnoise Studies II, ed. H. King, Dublin, 2003, pp. 175–207