David Jonathan Gross

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Washington DC is ea David Jonathan Gross (1941-). I 2004 roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Frank Wilczek is David Politzer as a shaothar taighde ar an bhfórsa láidir sa núicléas, a léirigh go bhfuil saoirse asamtóiteach i dteoiric an fhórsa láidir (crómaidinimic chandamach), agus go méadaíonn an fórsa seo idir dhá chuarc de réir mar a bhogann siad amach óna chéile.