Frank Wilczek

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Frank Wilczek

Fisicí teoiriciúil a saolaíodh ar an 9 Aibreán 1951 i Mineola, Nua-Eabhrac is ea Frank Wilczek. Sa bhliain 2004, le David Gross is David Politzer, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as a shaothar taighde ar an bhfórsa núicléach láidir, agus an léiriú go bhfuil saoirse asamtóiteach i dteoiric an fhórsa láidir (crómaidinimic chandamach) is go méadaíonn an fórsa seo idir dhá chuarc de réir mar a bhogann siad amach óna chéile.