Crómaidinimic chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric an fhórsa núicléach láidir a foilsíodh den chéad uair i 1973, a nglactar leis go forleathan. Tugtar QCD uirthi freisin. Sa teoiric seo bíonn na cuairc greamaithe le chéile ag glúóin. Idirghníomhaíonn na cuairc de bharr airí atá ag gach ceann acu a dtugtar dath air, cosúil leis an idirghníomhú idir cáithníní luchtaithe de bharr an luchta i ngach ceann.