Dónall Mac Amhlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDónall Mac Amhlaigh
Beathaisnéis
Breith1926
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Eanáir 1989
62/63 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdialannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir agus iriseoir Gaeilge ab ea Dónall Mac Amhlaigh (10 Nollaig 1926 - 27 Eanáir 1989).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i nGaillimh (gar do Bhearna) é sa bhliain 1926, agus d'éag sé i Northampton, Sasana, sa bhliain 1989. Cé nach raibh an Ghaeilge ó dhúchas aige sa chiall is cúinge, d'fhoghlaim sé an teanga go paiteanta nuair a bhí sé óg. Is ar éigean a d'fheicfeá ar a chuid scríbhneoireachta nach raibh an teanga aige ón gcliabhán. Sa bhliain 1940, d'aistrigh a mhuintir go Cill Chainnigh, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'éirigh sé as an scoil le dul ag obair. Sa bhliain 1947, chuaigh sé sna saighdiúirí An Chéad Chathlán Coisithe in Arm na hÉireann. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, d'éirigh sé as, agus thug sé a aghaidh ar Shasana ar lorg oibre. D'fhág an tsaoltaithí seo a lorg ar a chuid scríbhneoireachta ar fad, nó bhí blas láidir dírbheathaisnéise ar gach leabhar leis, cé gur thug sé le fios gur ficsean a bhí iontu.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an chéad leabhar a tháinig i gcló uaidh ná Dialann Deoraí (1960). Ba é an Clóchomhar Teoranta a d'fhoilsigh í. Cur síos a bhí ann ar an saol a bhíodh ag na hinimirceánaigh óga Éireannacha i Sasana san am sin, agus iad ag dul ó jab go jab agus ó lóistín go lóistín. Sa bhliain 1962, chuaigh an dara leabhar leis i gcló, Saol Saighdiúra, agus mar is léir ón teideal, cuimhní cinn a bhí ann ó bhlianta Dhónaill san arm. Thairis sin, d'fhoilsigh sé na húrscéalta Schnitzer Ó Sé, Diarmuid Ó Dónaill agus, go gairid roimh a bhás, Deoraithe, spléachadh nua ar an saol a bhí á chardáil aige i nDialann Deoraí. Deirtear go raibh sé ar an scríbhneoir ab fhearr a thug cur síos ar exodus mór na nÉireannach go Sasana i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí borradh faoin tionscal tógála sa Ríocht Aontaithe, agus caoi nua á cur ar chathracha na tíre i ndiaidh léirscrios an chogaidh.

Stíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí stíl líofa nádúrtha ag Dónall a thaithneodh leis an bhfoghlaimeoir agus leis an gcainteoir dúchais araon. Thairis sin, bhí sé ag insint faoin gcineál saoil a raibh aithne éigin ag gach Éireannach air, beagnach, go dtí le déanaí - an imirce, an náibhíocht, agus an gheit a bhainfeadh cultúr Shasana as an Éireannach óg. Mar sin, bhí ráchairt ar a chuid leabhar lena lá, agus baintear úsáid astu i dteagasc na Gaeilge in áiteanna i gcónaí.

Gaelscoil Mhic Amhlaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar "Gaelscoil Mhic Amhlaigh" ar scoil i nGaillimh in ómós do Dhónall Mac Amhlaigh.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dialann Deoraí (réamhrá le Niall Ó Dónaill). BÁC: An Clóchomhar, 1960 / An Irish navvy : the diary of an exile. Valentin Iremonger a d'aistrigh go Béarla. Londan : Routledge, 1964.
  • Saol saighdiúra. BÁC: An Clóchomhar, 1962.
  • An diaphéist. BÁC: FNT, 1963.
  • Diarmaid Ó Dónaill : úrscéal. BÁC: An Clóchomhar, c1965.
  • Sweeney : agus scéalta eile. BÁC: An Clóchomhar, 1970.
  • Schnitzer Ó Sé. BÁC: An Clóchomhar, 1974.
  • Beoir bhaile agus scéalta eile . BÁC: An Clóchomhar, 1981
  • Deoraithe. BÁC: An Clóchomhar, 1986

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dialann an deoraí scéalach go fóill féin Curtha i gcartlann 2011-08-12 ar an Wayback Machine, Irish Times, 11 Lúnasa 2009