Dòmhnall Ruadh Chorùna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDòmhnall Ruadh Chorùna
Beathaisnéis
Breith9 Iúil 1887
Am Baile Sear, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Lúnasa 1967
80 bliana d'aois
Loch nam Madadh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach

File Albanach ab ea Dòmhnall Ruadh Chorùna, nó Dòmhnall Dòmhnallach (9 Iúil 188713 Lúnasa 1967).

Rugadh é i gCorùna ar Chladach a' Bhaile Shear in Uibhist a Tuath. Ainmníodh an baile in ómós dá shin-seanathair a bhí ina shaighdiúir ag Coruña na Spáinne sa bhliain 1809.

Nuair a d'fhág Dòmhnall Scoil Chàirinis, chuaigh sé isteach san arm. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc i reisimint na gCamshrónach sa Chéad Chogadh Domhanda, áit ar goineadh é ag Cath an Somme. Cé gur fhill sé abhaile agus é ag fáil cóir leighis, d'fhill sé ar an bhFrainc arís. Is faoin Chogadh na dánta is cáiliúla dá chuid, ina measc 'Air an Somme', 'Illean, March at Ease', 'Òran Arras' agus 'An Eala Bhàn'.

Nuair a tháinig sé abhaile ón bhFrainc, phós sé Anna NicDhòmhnaill (Anna Ruairidh 'ic Nèill) agus bhí beirt pháistí acu. D’oibrigh Dòmhnall mar shaor cloiche agus tá a chuid sárshaothair fós le feiceáil i gcúpla teach in Uibhist a Tuath. Scríobh sé go leor filíochta faoi cheisteanna pobail, faoi sheilg, agus faoin dúlra timpeall an ama seo, agus ina sheanaois chloígh sé le hamhráin spioradálta agus le hiomainn.

Tá cuid mhaith d’fhilíocht Dhòmhnaill ar fáil in eagrán a d’fhoilsigh Fred MacAmhlaigh i 1995 ach tá i bhfad níos mó ann nár cuireadh i gcló riamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]