Dílseachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach an Aontais

Is é brí le dílseachas i gcomhthéacs na hÉireannAontachtóir antoisceach atá sásta breith ar an arm le forlámhas na bProtastúnach sa Tuaisceart Éireann agus le stádas bunreachtúil an stáitín mar chuid den Ríocht Aontaithe a chosaint is a choinneáil i bhfeidhm.[1].

Aontachtóirí nó Dílseoirí?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic nach n-aithníonn na meáin chumarsáide na h-"Aontachtóirí" agus na "Dílseoirí" thar a chéile. Mar sin féin, bíonn sé níos coitianta an téarma úd "Dílseoir" a úsáid le tagairt a dhéanamh do lucht antoisceachais atá sásta droichead a dhéanamh den dlí is den cheart leis an status quo a choinneáil i bhfeidhm sa Tuaisceart nó a bhfuil a ndearcadh ar na cúrsaí neamhghéilliúlach as an ngnáth. An chuid is mó de na hAontachtóirí, ní thabharfaidís "Dílseoirí" orthu féin. Go bunúsach, cuimsíonn an téarma "Aontachtóir" gach duine a dteastaíonn uaidh an Ríocht Aontaithe, agus an chuma atá uirthi inniu, a choinneáil aontaithe. Mar sin, is féidir an dá chiall a bhaint as an bhfocal "dílseoir": dílseacht don Aontacht, nó dílseacht do Choróin na Breataine Móire.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alan F. Parkinson(1998), Ulster loyalism and the British media, University of Michigan Press, ISBN 1-85182-367-0