Óglaigh Protastúnach Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Buíon pharaimíleata dílseoirí ab ea Óglaigh Phrotastúnacha Uladh. Chuir Ian Paisley agus polaiteoirí aontachtacha eile ar bun í sna 1960í chun brú a chur ar Terence O'Neill, Príomh-aire Thuaisceart Éireann, stad a chur ar na leasuithe a bhí idir lámha aige. Bhí siad faoi smacht Choiste Cosanta Bhunreacht Uladh, a bhí faoi cheannas Paisley. Thosaigh siad ar fheachtas buamála (bhí a fhios acu go dtitfeadh an locht ar an IRA) chun rialtas O'Neill a thabhairt síos. Thóg na baill páirt freisin sna mórshiúlta a d'eagraigh Paisley i gcoinne na mórshiúlta de chuid Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta, á n-ionsaí go minic. "Ar Son agus Uladh" an mana a bhí acu. Bhí a lán de na hÓglaigh ina mbaill d'Óglaigh Uladh chomh maith.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile