Búistéirí na Seanchille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Drong murdaróirí ab ea iad Búistéirí na Seanchille a bhí gníomhach i mBéal Feirste sna 1970idí. Mharaigh na Búistéirí thart ar thríocha Caitliceach gan de chúis acu leis ach a gcreideamh. Glactar leis go coitianta gur sraithmharfóireacht shíceapatach, seachas dúnmharfóireacht sheicteach, a bhí idir lámhaibh acu, ach nuair a bhí na Búistéirí i mbun oibre, bhí an foréigean seicteach agus na Trioblóidí go han-dona ar fud Thuaisceart Éireann, agus an drong ábalta a gcuid coireanna a chur i ngníomh faoi bhrat an tseicteachais.

Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le Martin Dillon

Lenny Murphy - an Ceannaire[athraigh | edit source]

B'é Lenny Murphy ceannaire na mBúistéirí. Tháinig sé chun saoil i mBéal Feirste ar an 2 Márta 1952, agus is é an t-ainm a baisteadh air ná Hugh Leonard Thompson Murphy. Bhí an sloinne Gaelach sin Murphy ag cur isteach ar na comharsana, ó chreid siad gur Caitlicigh faoi cheilt ab ea iad muintir Mhurphy. Is iomaí uirísliú a d'fhulaing a gclann ar scoil agus i measc lucht a gcomhaoise de dheasca an tsloinne. De thoradh na ráflaí faoi Chaitliceachas an teaghlaigh, freisin, sheachnaíodh tuismitheoirí Lenny cuideachta na gcomharsan, rud nach ndearna ach tuilleadh caidéise agus drochamhrais a tharraingt.

Ar scoil dó, d'iompaigh Lenny amach ina dhrochscoláire, ach san am céanna, d'éirigh sé sciliúil ag ionramháil daoine. Bhí sé ábalta a dhíoltas a agairt orthu siúd a bhí ag spochadh faoina shloinne, ó bhí drong de mhaistíní móra earcaithe aige le hé a chosaint. Ag fás anuas dó, chuaigh sé le mionghadaíocht agus le hógchiontóireacht eile, agus tharraing sé súil na bpéas air féin.

I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, thosaigh Lenny ag dul timpeall na dtithe tábhairne, agus fuair sé aithne ar amhais mhóra ón tSeanchill, fir den chineál a bhí díreach ag bunú dronga Protastúnacha sceimhlitheoireachta. Nuair a thosaigh na scliúchais sráide idir na Protastúnaigh agus na Caitlicigh, agus na Protastúnaigh ag ionsaí cheantar Caitliceach na bhFál i Mí Lúnasa 1969, ghlac Lenny páirt sna himeachtaí go díograiseach. I ndiaidh na bullaíochta a thuill a shloinne Gaelach dó i rith bhlianta a chéad óige, theastaigh uaidh a léiriú don tsaol mhór gur Protastúnach go smior a bhí ann, agus b'é an dóigh ab fhearr le sin a dhéanamh ná na Caitlicigh a ghéarleanúint.

Bunú na Droinge[athraigh | edit source]

Sna blianta 1970-71, bhí Murphy ina bhall d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF), agus é ag bailiú a bhaicle féin ina thimpeall as measc fhir óga na gciorcal seo. B'iad Robert "Basher" Bates agus Samuel "Big Sam" McAllister an bheirt fhear acu siúd ba mhó a bhí páirteach ina chuid coireanna ina dhiaidh sin. Fear lasánta cantalach ab ea é Basher a rachadh ag cur i dtíortha le fearg go furasta, agus é sásta glacadh le horduithe ó Murphy, cé go raibh Murphy cupla bliain ní b'óige ná eisean. Bhí clú an bhruíonachais agus an fhoréigin air, agus é ag gabháil de bhuidéal bhriste ar dhaoine le linn na trodaíochta sa teach tábhairne. Maidir le McAllister, mionghadaí a bhí ann thar aon rud eile.

San am seo, is é sin, i dtús na seachtóidí, bhí na grúpaí paraimíleatacha ag earcú fir nua go tapa, agus an oiread fir óga a bhí ag tonnadh isteach, ach ní raibh siad ábalta roghnachas ná scagadh a dhéanamh ar na hearcaigh nua. Dá dheasca sin, bhí cuid mhaith gnáthchoirpeoirí agus ógchiontóirí in ann seangú isteach le buntáiste a ghlacadh ar na Trioblóidí ar a ndóigh féin. Daoine acu siúd ab ea iad Lenny, Big Sam agus Basher.

Rinne Lenny Murphy a dhicheall gan an iomarca airde den chineál mhícheart a tharraingt air féin. Ní thaobhódh sé cuideachta na sceimhlitheoirí móra Protastúnacha go poiblí. Ina áit sin, bhí sé á dtaispeáint féin in áiteanna siamsaíochta agus ag cur chuma an bhanaí agus an bhuachaill báire air féin.

An Chéad Dúnmharú - Francis Arthurs[athraigh | edit source]

B'é dúnmharú Francis Arthurs an chéad ainghníomh den tsaghas seo a raibh baint ag Lenny leis. Ar an 21 Iúil 1972, stop scata Dílseoirí tacsaí an fhir seo leis an tiománaí a fhuadach. D'aithin siad go raibh sé ag teacht ó cheantar Caitliceach, agus is é an chiall a bhain siad as go raibh sé ag déanamh treaspáis ar thailte naofa Protastúnacha. Bhuail siad sa chloigeann é agus thug siad go dtí club Dílseoirí timpeall Bhóthar na Seanchille é. Ansin, fuair Arthurs leadhbairt leanúnach thar oíche. B'é Lenny Murphy ba mhó a bhí i mbun na hoibre seo. Rinne sé a dhicheall le bheith ar an duine ba bhrúidiúla dá raibh i láthair, agus é ag déanamh sceanaigh ar an íobartach. Le teacht na maidine, maraíodh Arthurs le hurchar agus dumpáladh an corpán.

Dúnmharú Thomas Madden[athraigh | edit source]

Ón lá sin ar aghaidh, ar a laghad, b'ar an sceanach ba mhó a d'aithneofaí lorg láimhe Murphy. Go gairid ina dhiaidh sin, maraíodh Tom Madden, fear oibre muilinn, ar an dóigh chéanna. Trí seachtaine roimh a bhás, fuadaíodh é agus tugadh greidimíní dó i gclub Protastúnach, ach scaoileadh saor leis sa deireadh. B'éigean dó tailte na bProtastúnach a thrasnú go tráthrialta leis an muileann a bhaint amach, agus b'é sin a chaill é. Cheap na Dílseoirí in athuair é, agus ghabh Lenny Murphy de scian mhór búistéireachta air, go dtí go raibh Madden ag guí go marófaí é - chuala bean sa chomharsanacht ag impí é istoíche. Níorbh í an sceanairt a mharaigh é, áfach, nó tachtadh é le sreang. Nuair a fuarthas a chorp, chuntais na péas 147 gcneá scine air.

Misean Murdair William Pavis agus Príosúnú Mhurphy[athraigh | edit source]

Faoin am seo, rinneadh cupla dúnmharú eile sa cheantar a raibh an chuma chéanna orthu. Níor ciontaíodh aon duine sna coireanna seo riamh, ach tá sé dealraitheach go leor go raibh páirt ag Lenny Murphy sna dúnmharuithe seo. Misean paraimíleatach a tharraing súil na bpéas air. Is é an duine a bhí le marú an iarracht sin ná William Pavis, Protastúnach a bhí sa phríosún toisc gur dhíol sé airm thine le sagart Caitliceach faoi choim. Seanchairde ab ea iad Pavis agus an sagart, agus iad ag dul ag sealgaireacht in éineacht. Cairdeas pearsanta a bhí ann a thosaigh roimh laethanta na dTrioblóidí. Is é an tuiscint a bhain na Dílseoirí as seo, áfach, gur díoltóir gunnaí a bhí i bPavis agus gnóthaí aige leis an IRA. Mar sin, chinn an tUVF ar é a mharú. I Mí Mheán Fómhair 1972, d'fhág sé Príosún Bhóthar Chroimghlinne ar a onóir, agus ar an lá deireanach sula bhfillfeadh sé go dtí an príosún, mharaigh Murphy agus Dílseoir eile, Mervyn Connor, é. Ní dhearnadh sceanairt de an iarracht seo: scaoil Murphy urchar sa chloigeann, agus as go brách leis agus lena chomhchoirpeoir.

Cupla mí ina dhiaidh sin, gabhadh Murphy agus Connor, agus rinneadh príosúnaigh díobh. D'aithin na húdaráis gurbh é Murphy an bithiúnach ba mhó acu, agus gurbh é leas an phobail ar fad é Murphy a choinneáil istigh. Thosaigh siad ag margáil le Connor, a bhí an-scanraithe ag Murphy, iompú ina fhinné stáit agus cruthú in aghaidh Mhurphy. Fuair Murphy amach faoi seo, áfach, agus d'imeaglaigh sé Connor chun an milleán a ghlacadh air féin. Ina dhiaidh sin, mharaigh sé Connor. Ní raibh na húdaráis ábalta Murphy a chiontú i ndúnmharú Pavis, agus mar sin, b'éigean scaoileadh saor leis sa deireadh. Coinníodh sa charcair ar feadh tamaill é, áfach, mar phionós as na hiarrachtaí a rinne sé éalú as an bpríosún nuair nach raibh an fiosrú críochnaithe go fóill.

Scaoilte Saor Arís[athraigh | edit source]

Ar an 13 Bealtaine 1975, d'fhág Murphy príosún na Ceise Fada. San am seo, tháinig scoilt idir na sean-Dílseoirí a bhí fanta sa bhraighdeanas agus na sceimhlitheoirí óga a bhí taobh amuigh. Faoi thionchar an tSóisialachais agus na smaointeoireachta nua-aoisí eile a bhí ag éirí coitianta i measc na bPoblachtánach, d'fhéach lucht na carcrach - daoine cosúil le Gusty Spence - le hidé-eolaíocht chasta pholaitiúil a fhorbairt do ghluaiseacht na nDílseoirí. Ní raibh mórán suime ag na fir óga amuigh i dteoiricí na gcrannlaochra, nó ní dheachaigh siad sna Dílseoirí ar lorg ceachtanna polaitiúla, ach ar lorg sceitimíní na gleice armtha. Fir ab ea iad seo a d'fhear fíorchaoin fáilte roimh Lenny Murphy nuair a d'fhill sé ar an tSeanchill, ó b'eisean an cineál ceannaire a bhí ag teastáil uathu. Bhíodh sé ag gnáthú an Brown Bear, teach tábhairne i mBóthar na Seanchille, agus ba ghnách le muintir an cheantair tagairt dá dhrong mar "lucht an Brown Bear". Ón tús, bhí iompairc agus iomaíocht áirithe le haithint idir lucht an Brown Bear agus iad siúd a thagadh le chéile sa Windsor Bar, píosa éigin bealaigh ar shiúl ón Brown Bear.

B'iad Basher agus Big Sam a chabhraigh le Lenny baicle dá chuid féin a bhailiú timpeall air féin. D'éirigh le coirpeoir óg eile, fear darbh ainm William Moore, mórtachas maith a dhéanamh le Lenny. Fear údarásúil ab ea é Lenny mar a chonacthas dó é, fear a raibh staidiúir an oifigigh agus an fhíorshaighdiúra air, agus chuaigh sé go mór mór i gcion ar Moore. Cé go raibh taifead coiriúil aige ón mbliain 1966 anuas, ní raibh na péas in ann gníomhaíocht pharaimíleata a shamhlú leis. Thairis sin, bhí sé ag obair ina thiománaí tacsaí - ceann de na tacsaithe dubha - agus é ina bhall de chumann tiománaithe tacsaí na Seanchille.

I Meán Fómhair 1975, bhí Lenny tar éis an oiread fear a fhruiliú agus go raibh a dhrong inchomórtais le muintir an Windsor Bar. Thairis sin, nuair a bhí baicle láidir dá chuid féin aige, d'fhéadfadh sé a chuid dúnmharuithe agus coireanna eile a dhéanamh beag beann ar lucht ceannais an UVF. Bhí fiche fear ann anois, agus iad ina mionchoirpigh agus ina n-ógchiontóirí, an chuid ba mhó acu. Bhí fuath na ndaol acu do na Caitlicigh, agus iad sochomhairleach go leor, má bhí duine chomh dásachtach le Murphy i gceannas orthu.

An tIonsaí ar an Siopa Biotáille[athraigh | edit source]

Ar an 2 Deireadh Fómhair 1975, d'ionsaigh ceathrar fear den drong - Lenny féin, Moore, fear darbh ainm William Arlow Green agus a dheartháir siúd Thomas Noel Green siopa biotáille a bhí suite idir na Fáil agus an tSeanchill. Nuair a bhí a chuid fear ag bagairt a gcuid gunnaí ar fhoireann an tsiopa, bhí Lenny ag éileamh airgid agus ag siortú na háite go léir ag iarraidh teacht ar chiste an tsiopa. Ní raibh airgead le fáil san áit, agus mharaigh Murphy agus a chuid fear beirt bhan meánaosta agus beirt fhear óg a bhí ag obair ansin: Frances Donnelly agus Marie McGrattan, ar deirféaracha iad, chomh maith le Gerard Grogan agus Thomas Osborne. Bhí siombailí Caitliceacha le feiceáil timpeall na háite, agus an ceathrar acu ina gCaitlicigh fosta. B'é Thomas Osborne an t-aon duine acu nach bhfuair bás ar an toirt, ach goineadh go tromchúiseach é, agus shíothlaigh sé san ospidéal i gceann trí seachtaine eile.

Rug na péas ar Noel agus William Green, agus cuireadh ceastóireacht ar an mbeirt deartháracha, ach níor baineadh oiread is focal astu faoi ról Murphy agus Moore sna himeachtaí. Is é an scéal a d'inis William do na péas nach raibh i gceist ach gnáthrobáil a ndearnadh praiseach di agus gur maraíodh foireann an tsiopa de thaisme. Le fírinne, áfach, ba léir do na péas cheana féin go raibh cuma an mhurdair sheictigh ar an iomlán. Sa deireadh, phléadáil na deartháracha ciontach, agus cuireadh sa phríosún iad. Bhí siad chomh scanraithe roimh Murphy agus nach rithfeadh leo sceitheadh air. Mar sin, tháinig na fíorbhithiúnaigh - Murphy agus Moore - slán.

Tús na Búitséireachta: Dúnmharú Francis Crossan[athraigh | edit source]

Bhí baint éigin, dá laghad í, ag imeachtaí an tsiopa biotáille le hoibríochtaí an UVF. Ina dhiaidh sin, áfach, chrom an drong ar na dúnmharuithe búitséireachta beag beann ar lucht ceannais na bparaimíleatach. Bhí an tUVF díreach ag iarraidh cuma ní ba saighdiúrtha, ní ba mhíleata a chur orthu féin, agus lucht ceannais an ghrúpa ag lochtú na n-"eilimintí coiriúla" a bhí ag baint a n-úsáide féin as ainm an UVF.

B'é ba spreagadh don chéad mhurdar búitséireachta ná an dóigh ar dúnmharaíodh ceathrar saighdiúirí óga Briotanacha in Ard Mhacha Theas san oíche idir an 23ú agus an 24ú Samhain 1975. Thug an Belfast News Letter an-chur síos ar an eachtra, agus nuair a casadh Lenny Murphy agus a chuid cairde ar a chéile an chéad uair eile, thug siad an leabhar go n-agróidís díoltas ar an bpobal Caitliceach. Le teacht an tráthnóna, thosaigh an drong ag pleanáil an mhurdair. Bhí Lenny den bharúil nár chóir airm thine a úsáid. Ina n-áit siúd, thug Moore leis sciana búistéireachta ón seamlas, agus bhí an ceann feadhna breá sásta leo. I ndiaidh an tráthnóna agus tús na hoíche a chaitheamh i mbun ólacháin, chuaigh Lenny Murphy, Moore, Archie Waller agus Benjamin "Pretty Boy" Edwards ar bhord tacsaí, agus iad ag dul ar stádar ó Bhóthar na Seanchille trasna Bhóthar Chroimghlinne síos Bóthar Aontroma a fhad le Sráid Clifton. Thóg siad aichearra ar ais ansin.

Tamall roimh a haon a chlog istoíche, chuir Murphy agus a chairde sonrú i bhfear a bhí ag déanamh a bhealaigh síos Sráid na Leabharlainne i dtreo an Aibhinne Ríoga. Francis Crossan a bhí ar an bhfear, agus Caitliceach a bhí ann. Thug siad Crossan go dtí an tSeanchill agus iad ag tabhairt greidimíní dó, agus ansin, chinn Lenny go raibh sé in am an fear a mharú. Chaith sé tamall ag gearradh giotaí de mhuineál Chrossan leis an scian mhór búitséireachta a fuair sé ó Moore, go dtí go raibh cloigeann an íobartaigh ar tí titim dá ghuaille. D'fhág Murphy agus a lucht leanúna corpán Chrossan ina luí i Sráid Wimbledon, áit ar tháinig muintir na comharsanachta air an lá arna mhárach.

An Lámhach sa Ghlúin, agus sa Droim[athraigh | edit source]

Mar a dúradh roimhe seo, bhí an lucht ceannais nua díreach ag iarraidh na gnáthchoirpeoirí a ruaigeadh a raibh éirithe leo seangú isteach san UVF, agus le nach dtuigfí gur daoine acu siúd iad féin, thoiligh Murphy agus a dhrong cabhrú leis an lucht ceannais san obair seo. Is é an jab a fuair siad ná triur ciontóirí a cheapadh agus pionós a chur orthu. Bhí baint ag an triúr le drong an Windsor Bar, agus iad tar éis buirgléireacht a dhéanamh i dteach seanmhná Protastúnaí. Socraíodh go lámhachfaí sa ghlúin iad, mar ba nós leis na paraimíleataigh, agus tugadh an triúr acu go dtí an Brown Bear le go gcuirfí ceastóireacht orthu. Bhí Murphy ábalta iad a imeaglú chun a gcoireanna a admháil, ach nuair a bhí an pionós ag dul dóibh, bhí an oiread faitís ar dhuine acu - fear darbh ainm Stewartie Robinson, a raibh clú an spraoithiománaí mhóir air - is go ndearna sé iarracht éalú. Lámhach duine de lucht leanúna Murphy, Archie Waller, sa droim é - is dócha gur rud a bhí ann a rinne Waller ina ainneoin féin - agus bhí Robinson marbh ar an toirt. Dumpáladh a chorpán i bhfad ón áit ar fágadh an bheirt eile ina luí - bacach is mar a bhí siad, bhí siad beo, ar a laghad. Ina dhiaidh sin, rinne Murphy a dhicheall a shéanadh go mbeadh baint ar bith ag bás Robinson le glúinlámhach na beirte eile.

Mar sin féin, fuair drong an Windsor Bar amach faoina raibh déanta, agus ó b'é Waller a bhí siad a mhilleánú faoi bhás Robinson, mharaigh siad é go gairid ina dhiaidh sin. Tháinig fearg mhór ar dhrong an Brown Bear, agus chinn siad ar dhíoltas a agairt ar dhúnmharfóirí Waller. Bhí duine de na dúnmharfóirí, Roy Stewart, ina bhoc chomh mór i measc na nDílseoirí agus go raibh eagla ar Mhurphy é a mharú, ach ní raibh sa bheirt eile acu, Noel "Nogi" Shaw agus Dessie Balmer, ach gnáthsceimhlitheoirí nach n-aireodh aon duine tábhachtach uaidh dá maródh lucht an Brown Bear iad, dar le Murphy.

Mar sin féin, nuair a tháinig lucht an Brown Bear le chéile i dtolglann an Lawnbrook Social Club ar an 30 Samhain leis an scéal a phlé, d'ordaigh Murphy dá chuid fear an triúr go léir a mharú. San am céanna, bhí teachtaireacht curtha aige faoi choim chuig Stewart, le go bhféadfadh seisean dul i bhfolach go ceann tamaill. Chuaigh Moore, McAllister agus Bates go dtí an Windsor Bar le cur in iúl do ghnáthóirí na háite go raibh Stewart, Shaw, agus Balmer ag teastáil ó Lenny Murphy. Agus an cháil a bhí ar Lenny i measc na nDílseoirí, ní fhéadfá diúltú don chineál sin cuiridh. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh ach Shaw ann agus é ag ól ina aonar. Nuair a tháinig an triúr trasna air, chimigh siad é ar an toirt agus thug siad go dtí an Lawnbrook Social Club é. Sa chlub, tugadh an ghnáthleadhbairt dó, agus nuair a d'admhaigh Shaw, stócach óg ocht mbliana déag, go raibh sé ciontach i ndúnmharú Waller, mharaigh Lenny Murphy é le ceithre urchar sa chloigeann.

Dúnmharú Bhóthar Cliftonville[athraigh | edit source]

Ní raibh Murphy féin róshásta Protastúnaigh a mharú, agus i ndiaidh na Nollag, chrom sé ar ais ar na Caitlicigh. Sa bhliain 1976, b'é marú Ted McQuaid an chéad choir den chineál seo a rinne an drong. Mhaígh Murphy gur áit mhaith ab ea é Bóthar Cliftonville le Caitlicigh a mharú, agus ar an 10 Eanáir, chuir sé beart leis an mbriathar. Ag a leathuair tar éis a trí a chlog, chuir Murphy agus Moore sonrú i nDeirdre McQuaid, bean óg a bhí díreach ag filleadh abhaile ó chóisir, agus chinn siad ar an gcailín a mharú. Ansin, áfach, tháinig a fhear céile, Ted, i láthair, agus d'éirigh leis é féin a chur idir piléir na mBúistéirí agus an cailín. Leag Murphy an fear le dhá urchar, agus nuair a thit Ted McQuaid as a sheasamh, lean Murphy leis ag loscadh urchair go dtí go raibh sé cinnte go raibh an fear gonta go héag. Ansin, ghlan na Búistéirí leo as an áit go sciobtha le tacsaí Moore.

Díoltas as Dúnmharú na bPéas[athraigh | edit source]

Ar an 6 Feabhra 1976, mharaigh na Sealadaigh beirt phéas de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Cé nach raibh mórán grá ag Lenny Murphy do na péas, bhí sé den tuairim gur ionsaí a bhí ann ar a phobal féin - tar éis an tsaoil, ba Phrotastúnaigh iad formhór mór na bpéas - agus chinn sé ar dhíoltas a imirt ar na Caitlicigh as a raibh déanta ag na Sealadaigh. Mar sin, chuaigh siad ar lorg creiche, agus tháinig siad ar Thomas Joseph Quinn, fear beag scothaosta a bhí ag dul le druncaeireacht ó cailleadh a bhean chéile cupla bliain roimhe sin. Phioc siad suas é, thug siad greidimíní dó agus d'iompair siad i dtacsaí Moore é go dtí an áit ar maraíodh é. Rinne Murphy sceanach gránna ar mhuineál Quinn, agus ansin, dumpáladh an corpán. An lá arna mhárach, an 7 Feabhra, ghlaoigh duine den drong ar iriseoir de chuid an Sunday News ar an teileafón, agus é ag áitiú go raibh sé ag labhairt thar cionn grúpa sceimhlitheoireachta a dtugadh Ulster Young Militants ("Ógánaigh Chathacha Uladh" as Gaeilge, b'fhéidir) air féin, agus go raibh na "hógánaigh chathacha" tar éis "saighdiúir de chuid an IRA" a mharú. B'ó Murphy a tháinig an glao seo, ach b'é an t-aon ainm a thug an scairteoir air féin ná Major Long.

An tIonsaí ar an Leoraí[athraigh | edit source]

San am céanna, bhí plean ní b'fhadálaí idir lámhaibh ag Murphy. Bhí deichniúr fear oibre Protastúnach maraithe ag na Sealadaigh i Mí Eanáir, agus Murphy meáite ar sluamharú a dhéanamh ar Chaitlicigh mar dhíoltas. Bhí Murphy tar éis leoraí a thabhairt faoi deara ag iompar fir oibre Chaitliceacha go tráthrialta trí cheantar na Seanchille, mar a bhí tuigthe aige. Scéal eile, áfach, nach Caitlicigh amháin a bhí i gceist.

Shocraigh Murphy gurbh é an áit ab fhearr leis an leoraí a ionsaí ná bothóg nuachtán a dtugadh muintir an cheantair Tigh Adair uirthi, i gcúinne Shráid Cambrai agus Bhóthar na Seanchille. B'é an lá a roghnaigh sé don ionsaí ná an Luan, an 9 Feabhra 1976. Bhí an sluamharú pleanáilte go cruinn aige, ach níor bhac sé le cuimhne a choinneáil ar aghaidheanna na bhfear a bhíodh an leoraí a iompar. Dá mbacfadh, d'aithneodh sé nárbh iad na Caitlicigh a fuair sé roimhe Dé Luain, ach foireann eile ar fad d'fhir oibre - agus iad ina bProtastúnaigh. Ábhar imní ab ea é do na Caitlicigh an turas a chur díobh tríd an gceantar Protastúnach gach lá, agus mar sin, d'éirigh siad as an mbealach seo a úsáid idir an dá linn. Mar a thaispeáin imeachtaí an Luain, bhí cúis thar a bheith maith acu leis an gcinneadh sin.

Fuair Lenny Murphy agus triúr eile de na búistéirí - Moore agus "Basher" Bates ina measc - fomheaisínghunna agus raidhfil ó na paraimíleataigh, agus ansin, ghoid Murphy gluaisteán le haghaidh an ionsaí. Chuaigh na fir ar bhord an ghluaisteáin ghoidte - Ford Cortina a bhí ann - agus thiomáin Murphy a fhad le tigh Adair, áit ar stad siad le fanacht le leoraí na bhfear oibre. Tháinig an leoraí go pointeáilte, pháirceáil an tiománaí í agus chuaigh sé isteach ag ceannach nuachtán an lae. Nuair a tháinig Henry McClelland, an tiománaí, amach as siopa na nuachtán, chonaic sé go raibh ceathrar fear ag smúrthacht timpeall na leoraí a raibh púicíní orthu, agus airm throma thine leo. Tuigeadh do McClelland gur sceimhlitheoirí Protastúnacha a bhí aige anseo, agus scairt sé orthu: Protastúnaigh iad go léir, ag tagairt do phaisinéirí na leoraí.

Ní raibh gar ann. Thosaigh na Búistéirí ag criathrú na leoraí le piléir, agus nuair a bhí ocht n-urchar déag scaoilte acu, d'éalaigh siad ón áit. Bhí beirt fhear - Archie Hanna agus Raymond Carlisle - tar éis bháis, agus beirt eile - James Wylie agus Louis Magee - gonta go tromchúiseach. Chaith Wylie agus Magee tréimhse fhada san ospidéal, agus ina dhiaidh sin féin, bhíodh dúlagar intinne ag luí ar Wylie chomh minic is gur loit sé a shaol go dona.

I ndiaidh an ionsaí, chuala Murphy ar an raidió gur Protastúnaigh ab ea iad siúd a básaíodh nó a goineadh san ionsaí. Ní nárbh ionadh, ba leasc leis a admháil go poiblí go raibh sé tar éis comhreiligiúnaigh dá chuid féin a mharú. Mar sin, chinn sé díoltas a choire féin a agairt ar na Caitlicigh.

Dúnmharú Francis Rice[athraigh | edit source]

Fear oibre dífhostaithe ab ea é Francis Dominic Rice a thagadh go minic go club Caitliceach ar imeall lár na cathrach. Bhí sé ceithre bliana fichead d'aois. Ag a haon a chlog i ndiaidh an mheán oíche, ar an 27ú Feabhra 1976, bhí sé díreach ag filleadh ón gclub, nuair a casadh Lenny Murphy agus triúr eile de na Búistéirí - Moore agus "Basher" ina measc - air agus iad ag tiomáint timpeall ar an tacsaí ar lorg Caitlicigh. Bhí beirt bhan óg ar bhord an tacsaí acu chomh maith. Rinne Murphy corpchuardach ar Rice agus tháinig sé ar chárta ballraíochta an chlub Chaitlicigh. Bhí an scéal socraithe leis sin, agus an bás daite do Rice. Mar ba nós leis na Búitséirí faoin am seo, fuair sé greidimíní agus leadhbairt ar dtús, agus ina dhiaidh sin, thug na murdaróirí go dtí cúlshráid bheag é le hé a mharú. Thosaigh Murphy ag gearradh an mhuiníl de, slis i ndiaidh slise, agus nuair a bhuail lann na scine cnámh droma an íobartaigh, bhí an obair críochnaithe. D'éalaigh na Búistéirí leo ar an tacsaí agus d'fhág siad an corpán ina luí sa chúlsráid. Seanbhean a raibh cónaí uirthi sa chomharsanacht ba túisce a tháinig ar an gcorpán.

An Chéad Bhotún a Rinne na Búistéirí[athraigh | edit source]

Ar an 2ra Márta, rinne na Búistéirí an chéad bhotún a chuir ar cumas na bhfórsaí slándála teacht ar lorg na droinge. Ag a deich roimh a trí istoíche, d'fhéach siad le beirt bhan óg Caitliceach - Mary Murray agus Margaret McCartney - a mharú a bhí ag teacht abhaile ó Bhaile Meánach. Bhí siad ag tiomáint a ngluaisteáin síos Bóthar Cliftonville, nuair a thug na Búistéirí comhartha dóibh stad. Shíl na mná gurbh iad na péas a bhí ann, agus stop siad go humhal. Ansin, loisc na Búistéirí a gcuid arm tine ina dtreo. Bhuail trí philéar Mary, ach mar sin féin, d'éirigh léi an carr a thosú agus éalú a dhéanamh. Tugadh Mary go dtí an t-ospidéal, agus tháinig Margaret as an eachtra gan ghránú.

Bhí patról de chuid Arm na Breataine cóngarach don áit, áfach, agus nuair a chuala sáirsint an phatróil na hurchair, thug sé ordú dá chuid saighdiúirí bheith ar a bhfaichill. Ar a mbealach abhaile, fuair na Búitséirí rompu an patról seo. Bhagair na saighdiúirí ar na Búitséirí stad, ach nuair nár thug siad siúd aird ar bith ar na comharthaí, d'aimsigh na saighdiúirí cupla urchar ar ghluaisteán na mBúitséirí. Níor buaileadh aon duine acu siúd, ach fágadh lorg na bpiléar ar an gcarr. Ní ba tábhachtaí fós, bhí an carr feicthe ag na saighdiúirí, agus leid a bhí ann do na péas a bhí ag iarraidh na dúnmharuithe búistéireachta a fhiosrú.

Thriail na Búistéirí na péas a chur ó rian, nó chuaigh siad an carr trí thine agus fuair siad carr eile le dul abhaile. Mar sin féin, chuir na fórsaí slándála cron iontu, agus stop siad an carr. Ghabh na saighdiúirí Lenny Murphy, ó bhí a ainm ar liosta na bparaimíleatach - b'airí amhrais é mar sin - agus thug siad go dtí stáisiún na bpéas é. Ansin dó, rinne sé iarracht iarsmaí na n-urchar a ghlanadh dá chuid éadaí, rud a thug duine de na constáblaí faoi deara. Thuig an constábla go raibh Murphy ag iarraidh rud éigin a choinneáil faoi cheilt, agus ar eagla na heagla, d'fhéach sé chuige go bhfuair foireann fóiréinsice na bpéas samplaí as éadaí Murphy.

Bhí na péas tar éis teacht ar an bpiostal ar baineadh úsáid as san ionsaí ar Mary Murphy agus ar Margaret McCartney. Anois, áfach, theastaigh uathu lorg luaidhe a aithint in éadaí Murphy a thaispeánfadh gurbh eisean a bhí ag beartú an phiostail. Maidir leis an gceastóireacht, b'fhollas do na péas ón tús nach raibh gar ann, ó nach bhfreagródh Murphy ceist ar bith dá gcuirfí air. Mar sin, b'éigean dóibh scaoileadh saor leis an bhfear sa deireadh, agus iad ag iarraidh a dhóthain scóid a ligean leis is go gcrochfadh sé é. Nuair a chonacthas Murphy ag lorg an phiostail san áit a bhfuair na péas é, ní raibh aon mhoill orthu é a ghabháil in athuair.

Ní raibh ach fianaise imthoisceach ag na péas in aghaidh Murphy, ach mar sin féin, chinn siad ar é a ionchúiseamh faoi iarracht dhúnmharaithe na beirte ban. Bhí na péas suite siúráilte go raibh an príomh-Bhúistéir acu anseo, agus mura raibh sé indéanta an dlí a chur air faoi na murdair bhúistéireachta, d'fhéadfaí pionós a ghearradh air as an gcoir eile seo, ar a laghad.

Bhí Murphy ina phríosúnach anois, agus é ag fanacht leis an triail. Ach má bhí, d'fhan sé i gceannas ar lucht a leanúna, agus iadsan ag marú tuilleadh daoine de réir a chuid orduithe.

Ródach Mór an Chlorane Bar[athraigh | edit source]

B'é an t-ionsaí ar an Chlorane Bar an chéad mhórchoir eile a rinne na Búistéirí. Teach tábhairne ab ea é an Chlorane Bar agus é suite ar thalamh neodrach idir ceantar na bhFál agus ceantar na Seanchille, rud a d'fhág go raibh daoine ón dá phobal ag gnáthú na háite. Teach dhá urlár a bhí ann le beár poiblí thíos an staighre agus tolglann thuas an staighre. Ar an 5 Meitheamh 1976, tháinig ceathrar gunnadóirí isteach an doras agus iad ag scairteadh ar na custaiméirí Protastúnacha dul ar thaobh amháin agus ar na Caitlicigh dul ar thaobh eile. Ansin, thosaigh an mhurdaróireacht.

Maraíodh fear an tí, Caitliceach cnagaosta darbh ainm Jimmy Coyle, le hurchar a bhuail sa chroí é. Duine eile a fuair bás san ionsaí ab ea é Edward Farrell, seanchara le Coyle agus gnáthchustaiméir san áit. Lámhachadh sa droim é nuair a rinne sé iarracht na leithris a bhaint amach le dul ar foscadh i gceann acu. Daniel McNeill a bhí ar an tríú fear a maraíodh. Íorónta go leor, bhí na péas den tuairim go raibh baint éigin aige leis an UVF. Thairis sin, shíothlaigh Samuel Corr, fear meánaosta a bhí gonta go héag, sular tháinig na hotharcharranna. Protastúnach a bhí ann chomh maith. Fuair fear eile - John Martin - bás san ospidéal tar éis dhá sheachtain a chaitheamh ag éileamh. Goineadh daoine eile go tromchúiseach. Dealraíonn sé nach raibh na murdaróirí ábalta a néaróga féin a choinneáil faoi stiúir cheart, nó cé go ndearna siad iarracht gan dochar a dhéanamh d'aon duine dá bpobal féin, níorbh é lá an roghnachais lá an lámhaigh.

Níorbh é Murphy, agus é ag fanacht leis an triail sa phríosún, a d'ordaigh an t-éirleach seo. Bhí sé socraithe ag lucht an Windsor Bar agus ag Búitséirí an Brown Bear le chéile.

Dúnmharú Cornelius Neeson[athraigh | edit source]

Ar an 1 Lúnasa 1976, rith le Moore agus McAllister dúnmharú a dhéanamh as a stuaim féin, beag beann ar Murphy agus ar bhoic mhóra ghluaiseacht na nDílseoirí. Chuaigh siad ag iascach sna seanbhráití timpeall ar Bhóthar Cliftonville, agus ansin, tháinig siad ar fhear meánaosta darbh ainm Cornelius Neeson, agus é ag filleadh abhaile óna chuid oibre i gclub biongó. Ghabh McAllister de thua ar Neeson, agus nuair a thit Neeson as a sheasamh, thosaigh Moore ag tabhairt ciceanna sa chloigeann dó. D'fhág siad Neeson ina luí ar an tsráid agus é ag saothrú an bháis, agus chonaic gluaisteánaí éigin é ansin sula raibh sé básaithe. D'fhéach an gluaisteánaí chuige gur tugadh Neeson go dtí an t-ospidéal, ach shíothlaigh sé ansin. Bhí carr na gciontóirí feicthe ag an ngluaisteánaí, agus é in ann comharthaí sóirt McAllister a thabhairt do na péas, ach níor shamhlaigh aon duine an choir leis na Búistéirí ar dtús.

I rith na míonna i ndiaidh dhúnmharú Neeson, ní raibh na Búitséirí ach ag ól sa Brown Bear agus ag plé chruachás a gceannaire sa phríosún. Nuair a bhí Murphy tugtha go dtí an Cheis Fhada, thosaigh sé ag tabhairt orduithe don drong faoi ainghníomhartha nua.

Dúnmharú Stephen McCann[athraigh | edit source]

Má fuair Murphy é féin i dtóin an phríosúin, níor maolaíodh ar dhrochobair na droinge. Nuair a tháinig duine de lucht a leanúna ar cuairt chuige an chéad uair ar an gCeis Fhada dó, dúirt sé leis an gcuairteoir gur theastaigh tuilleadh dúnmharuithe uaidh - dúnmharuithe a mbeadh lorg a láimhe féin orthu - le fiosrú na bpéas a chur ar strae. B'é Moore an duine a cheap Murphy mar cheann feadhna don bhaicle a fhad is a d'fhanfadh sé féin i mbraighdeanas. Bhí Moore an-dílis do Murphy, agus é chomh heolach ar theorainneacha an dá phobal sa chathair agus a bhí sé oilte ar cheird na dúnmharfóireachta i ndiaidh a phrintiseachta faoi Murphy. Thairis sin, bhí dúchas agus comhábhair an dúnmharfóra ann mar dhuine.

Stephen McCann a bhí ar an chéad íobartach eile. Fear óg a bhí ann agus é aon bhliain is fiche d'aois. Bhí sé i ndiaidh scíth cupla bliain a ghlacadh ón scoil lena mharana a dhéanamh ar chúrsaí a shaoil, agus é ag tosú ag foghlaim léinn arís. Buachaill íogair a bhí ann a raibh na Trioblóidí ag déanamh cuid mhaith buartha dó. Bhí sé ag suirí le cailín óg darbh ainm Frances Tohill, agus iad ag caint faoi phósadh. Ar an 30 Deireadh Fómhair, 1976, cupla uair an chloig i ndiaidh an mheán oíche, tháinig na Búistéirí trasna ar Stephen agus Frances a bhí díreach tar éis an oíche a chur díobh ag spaisteoireacht na sráideanna le chéile.

Sciob siad Stephen leo os comhair shúile a chailín, agus thug siad go dtí Sráid Brockmount é, áit ar fhág Moore an gluaisteán le dul ar lorg na scine móire i dteach duine den drong. Idir an dá linn, bhí na Búistéirí eile ag bualadh Stephen. Níor baineadh mórán úsáide as an scian leis an íobartach a chéasadh an turas seo, áfach, nó nuair a tháinig na fir go dtí an áit a raibh Stephen le marú, scaoil Moore urchar i gcloigeann an bhuachalla, agus bhí sé marbh ar an toirt. Ina dhiaidh sin, tugadh íde don chorpán leis an scian.

Tháinig Frances slán agus chuir sí fios ar na péas, agus ní raibh siad i bhfad ag teacht ar an gcorpán, nó chuala duine de na comharsana an t-urchar a mharaigh Stephen McCann agus chuaigh sé i dteagmháil le stáisiún na bpéas i Sráid Tennant. Mar sin, fuarthas an buachaill marbh roimh an maidneachan féin.

Chuaigh dúnmharú Stephen McCann go mór mór i bhfeidhm ar na péas, chomh cosúil is a bhí sé le duine clainne dá gcuid féin - fear óg míshuaimhneach a bhíodh ag streachailt leis ag iarraidh oideachas a bhaint amach dó féin agus socrú síos sa saol, cé go raibh na Trioblóidí ag cur as dó go dona. D'éirigh le plean Murphy, áfach, nó chuir dúnmharú Stephen ó rian iad, agus tháinig amhras orthu, an raibh Murphy bainteach leis na dúnmharuithe búistéireachta ar aon nós, i ndeireadh na dála.

An Clampar leis an UDA agus Dúnmharú Jim Moorehead[athraigh | edit source]

Go gairid i ndiaidh mharú Stephen McCann, bhí trioblóidí príobháideacha ag Sam McAllister le Cumann Cosanta Uladh (an tUDA). Ar an 20 Nollaig 1976, mharaigh McAllister i dtroid fear óg darbh ainm Thomas Easton, a bhí ina óglach de chuid an Chumainn. Mar dhíoltas, shocraigh lucht an Chumainn McAllister a lámhach sa ghlúin. Ó bhí a bhean chéile ag iompar clainne, d'iarr sé ar lucht an Chumainn gan é a lámhach sa ghlúin ach sna lámha, agus an lámhach féin a chur ar fionraí go dtí go mbeadh an leanbh saolaithe. Bhí lucht an Chumainn sásta a achainí a dhéanamh, agus sa deireadh thiar thall, níor goineadh go róthromchúiseach é, ionas nach raibh a chuid cneánna ach tamall gairid ag bisiú.

Ar an lá deireanach de Mhí Eanáir 1977, thángthas trasna ar chorpán Jim Moorehead, fear tríocha bliain a bhí ina oifigeach de chuid an UDA. Bhí sé fágtha in aice le ceantar Caitliceach, ach b'iad na Búistéirí a mharaigh Moorehead. Dhá lá roimhe sin, d'fhág Moorehead Club Sóisialta Sráid Rumford le dul ar lorg Jim Craig, cara leis a bhí ina bhoc mór san UDA chomh maith. Bhuail sé isteach i gcupla teach tábhairne, ach níor tháinig sé ar Craig. Scéal eile ar fad, áfach, go raibh Sam McAllister, Basher Bates, agus William Moore ag ól sa Windsor Bar, agus nuair a chonaic siad Moorehead ag teacht isteach, chinn siad ar é a mharú. Níl a fhios ag aon duine fios fátha an dúnmharaithe seo. Dealraíonn sé nach raibh ann ach gur chuir cosúlacht Moorehead isteach ar an triúr, nó bhí craiceann cuíosach dorcha agus folt dubh gruaige aige, rud a d'fhág go raibh sé ag breathnú cosúil le coimhthíoch - is é an leasainm a bhí air ná an Nigger. Maraíodh Moorehead istigh ar an leithreas, agus tugadh an ghnáthíde dá chorpán le scian. Ansin, d'ordaigh siad do na custaiméirí bailiú leo as an áit, ghlan siad na hiarsmaí fola a bhí fágtha sa leithreas, agus chaith siad an corpán amach faoin aer, taobh istigh de chúlchlós an tí. B'ansin a d'fhág siad thar oíche é, ach an lá arna mhárach, fuair siad amach go raibh óglach de chuid Chumann Cosanta Uladh maraithe acu. Ansin, tháinig deifir orthu fáil réitithe den chorpán.

Ó bhí clampar ag McAllister leis an UDA tamall roimh dhúnmharú Moorehead, d'fhéadfá a shíleadh gur díoltas a bhí i gceist leis an gcoir seo. De réir na ráiteas a bhreac na péas síos ó na Búistéirí ní ba deireanaí, áfach, ní raibh ann ach rud a rith leo, agus sin ar chúiseanna ciníochais thar aon rud eile.

Rinne Cumann Cosanta Uladh (an tUDA) a bhfiosrú féin ar dhúnmharú Moorehead ina dhiaidh sin, de réir na tuisceana a bhí acu ar dhomhnán beag na nDílseoirí. Chuir lucht an Chumainn le chéile liosta de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ciontach sa choir seo. D'éirigh leis na péas cóip den liosta seo a fháil. D'fhág an Cumann an milleán ar Óglaigh Uladh (an tUVF), cé gur dumpáladh an corpán i Sráid Adela i gceantar Caitliceach leis an dúnmharú a chur i leith an IRA. Is ar éigean is féidir a rá go raibh an Cumann ar an lorg ceart, áfach, nó ní raibh aon duine de na Búistéirí luaite ar an liosta.

Dúnmharú Joseph Morrissey[athraigh | edit source]

Caitliceach ab ea an chéad duine eile a tharraing súil na mBúistéirí air féin, fear darbh ainm Joseph Morrissey. Bhí sé dhá bhliain déag is dhá scór d'aois. Fear meánaosta a bhí ann, mar sin, agus é ag caitheamh a chuid ama ag bothántaíocht timpeall agus ag cóstóireacht ó phub go pub. Bhí na Búistéirí ar a ngnáthstádar, nuair a chuir siad sonrú i Morrissey, leathuair tar éis an mheán oíche ar an tríú lá de Mhí Mheán Fómhair 1977.

Thuirling Sam McAllister agus Arthur McClay den charr leis an mbearna a bhaint de Morrissey, agus William Moore ag tiomáint an ghluaisteáin ón taobh eile i dtreo an íobartaigh. Chuir Morrissey troid ar a shon féin, ach nuair a ghabh McClay de thua air, thit sé as a sheasamh. Ansin, agus an gluaisteán ag teacht a fhad leis, d'éirigh Morrissey ina sheasamh arís, agus é ag iarraidh é féin a chosaint. Sa deireadh, áfach, chloígh na dúnmharfóirí é, agus nuair a caitheadh isteach sa charr é, tugadh buille eile tua dó.

Thiomáin an triúr Búistéirí go dtí Bóthar na Seanchille le stopadh ag cara dá gcuid. Ansin dóibh, d'imir siad a gcuid seanchleas ar an bhfear bocht. Ar dtús, chéas siad é le scian búistéara, agus ansin, mharaigh siad é. B'é William Moore a ghearr a scornach, agus é ag déanamh gaisce go bhféadfadh sé dul in iomaíocht le Murphy féin, chomh cruálach is a bhí sé.

Dúnmharú Francis Cassidy[athraigh | edit source]

I ndeireadh Mhí Márta, tháinig ordú ó Murphy féin, agus é ina phríosúnach, cuairt a thabhairt ar cheantar na bhFál d'aonturas le Caitliceach a cheapadh is a chéasadh chun báis. Níor éirigh leis an misean seo ar dtús. Thug patról na mBúistéirí greidimíní do Phrotastúnach mheánaosta amháin, ach níor mharaigh siad é, siúd is gur fágadh cithréim air go lá a bháis.

Ar an 29ú Márta, ghlac Moore, Davy Bell – fear a thionlaic Moore ar an turas neamhthorthúil go dtí ceantar na bhFál roimhe sin – fear darbh ainm Norman Waugh agus fear eile nach bhfuair na péas amach faoi ach a leasainm, ”Winkie” - ghlac siad an cinneadh Caitliceach eile a mharú. Ansin, chuaigh siad a fhad le Sráid Spamount i dTuaisceart Bhéal Feirste, áit ar casadh fear singil meánaosta orthu darbh ainm Francis Cassidy. Bhí Cassidy tar éis airneán a dhéanamh i dteach a dheirféara. Ag a haon a chlog istoíche d'fhág sé slán ag bean an tí le filleadh abhaile. Ní raibh a áit féin ach faoi scread asail de theach a dheirféara, ach mar sin féin, bhí sé de mhí-ádh air gur tháinig na Búistéirí an bealach sular bhain sé amach a árasán.

Maraíodh Cassidy de réir an tsean-nóis imeachta, ach an iarraidh seo, cuireadh deireadh ar an obair le hurchar. Nuair a chuir na péas ceastóireacht ar William Moore i bhfad i ndiaidh na n-imeachtaí, thugadh sé ”an buachaill” ar Cassidy, cé gur fear meánaosta a bhí ann. Is amhlaidh go raibh na fir eile i ndiaidh Cassidy a threascairt as aithne cheana féin nuair a fuair Moore an chéad spléachadh air, agus is é an tátal a bhain sé as éadaí galánta faisiúnta an fhir gur fear óg a bhí ann.

Finné na Corónach[athraigh | edit source]

I Mí Bealtaine 1977, d'fhéach na Búistéirí le Gerard McLaverty, fear óg fiche bliain d'aois, a mharú ar an tseandóigh. Thug siad an-íde dó, ach sa deireadh thiar thall, tháinig sé as, beo ar éigean. Nuair a bhisigh sé an oiread agus go raibh cead ag na péas é a chur faoi agallamh, bhí sé in ann mionchur síos a thabhairt ar chomharthaí sóirt na bhfear a chéas é.

Thug na péas McLaverty timpeall na Seanchille i gcarr le go mbainfeadh sé lán a shúl as na fir gharbha ghairgeacha a bhí ag siúl na sráide. D'aithin an finné Sam McAllister agus Benny Edwards, beirt fhear a raibh aithne ag na péas orthu cheana féin. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh tascfhórsaí péas ag ardú William Moore, Sam McAllister, agus Benny Edwards leo. Ní bhfuair siad Edwards sa bhaile, ach ón taobh eile de, d'aimsigh siad ceárta iomlán de sceana búistéara i dteach McAllister.

Dá bharr seo, bhí na péas ábalta na Búistéirí a chur i dtóin phríosúin, nó an chuid ba tábhachtaí acu, ar aon dul. Is é sin, - an chuid ba tábhachtaí acu, cé is moite den ruifíneach ba mhó ar fad, Lenny Murphy féin.

Maidir le McLaverty, tháinig sé beo as na Trioblóidí, ach fuair sé bás le taom croí i Márta 2008.

Filleadh Murphy[athraigh | edit source]

Tháinig athrú mór cuma ar an UVF in Iarthar Bhéal Feirste idir an dá linn, agus Lenny Murphy sa phríosún. D'éirigh an tUVF agus an tUDA as a bheith ag cur mionchogaíochta ar a chéile, nó roinn siad a gcuid bráití eatarthu go cothrom. Chuir na sceimhlitheoirí Protastúnacha inneall ceart cogaidh ar a gcuid eagraíochtaí, ionas nach bhféadfadh mioncheannaire aonair cosúil le Murphy bheith ag rith damhsa beag beann ar bhoic mhóra na heagraíochta. Níor thuig Murphy, áfach, go raibh ré eile ann. Chrom sé ar a sheanobair arís a thúisce is a d'fhág sé an príosún.

Dúnmharú Norman Maxwell[athraigh | edit source]

Scaoileadh saor é ó Phríosún Bhóthar Chroimghlinne, áit ar haistríodh é tar éis dó tús a phríosúnachta a chur de ar an gCeis Fhada. An lá arna mhárach, rinne sé an chéad dúnmharú. Nuair a bhí sé ag ceiliúradh a shaoirse le cairde i gceann de na tithe tábhairne cois Bhóthar na Seanchille, tháinig bacach d'fhear isteach arbh ainm dó Norman Maxwell. Protastúnach a bhí ann, fear bocht a chaitheadh a chuid ama ina lóisteoir i dtithe dídine Arm an tSlánaithe, mura raibh luach an phionta aige. Ghlac Murphy col leis an bhfear seo ar an toirt, agus é ag déanamh gur brathadóir nó spiaire de chineál éigin a bhí ann, de chuid an IRA nó na bpéas b'fhéidir, nó ní raibh aithne aige féin ná ag aon duine eile ag a bhord ar Maxwell.

Thug Murphy agus a chairde leadhbairt uafásach do Maxwell, agus ansin, thiomáin Murphy gluaisteán thar an bhfear bocht cupla uair lena chinntiú go raibh sé marbh i gceart. Ansin, dumpáladh an corpán i gceantar Caitliceach lena thabhairt le fios do na péas gurbh iad an tIRA a mharaigh an fear. Bhí a fhios ag na póilíní nach raibh i Maxwell ach meisceoir bocht nach ndéarfadh le haon duine gur cham a ghaosán. B'é an tátal a bhain na péas as an scéal gur dúnmharú seicteach de dhéantús an IRA a bhí i gceist. Is é an rud a shíl siad nach mbacfadh aon duine ná aon dream le fear chomh neamhthábhachtach le Maxwell a mharú, ach amháin le buille a bhualadh ar phobal na bProtastúnach go léir.

Fuadach agus Dúnmharú Joseph Donegan[athraigh | edit source]

I ndiaidh dhúnmharú Maxwell, chuaigh Lenny Murphy ar lorg comhchoirpeach nua le drong búistéireachta dá chuid féin a chur i dtoll le chéile arís. Cé go raibh ceannairí ghluaiseacht na nDílseoirí éirithe míshásta le Murphy, bhí meas an laoich ag roinnt mhaith Protastúnach air i gcónaí, agus iad an-fhonnmhar cabhrú leis.

Bhí Murphy ag imeacht le haer an tsaoil, á thaispeáint féin i dtábhairní na Seanchille agus ag déanamh spallaíochta leis na girseacha, ó thréig a bhean chéile é le fada. Níor thaitin a chuid geáitsí le ceannairí an UVF, nó bhí siad den tuairim nárbh é seo an cineál íomhá a bhí ag teastáil ón eagraíocht. Cheannaigh Murphy carr gleoite galánta ó fhear darbh ainm Brian Smyth, iarsceimhlitheoir de chuid an UVF a chuaigh le díoltóireacht na ngluaisteán. Ní raibh Murphy sásta iomlán an phraghais a íoc le Smyth, agus nuair a thosaigh an díoltóir ag éileamh an fhuilligh ar an gcustaiméir, mharaigh Murphy é.

Ar an 22 Deireadh Fómhair 1982, d'fhuadaigh an tIRA Tommy Cochrane, Protastúnach agus sáirsint in Arm na Breataine Móire. Le díoltas a agairt ar na Caitlicigh as an bhfuadach seo, chinn Murphy ar phríosúnach agus giall a dhéanamh de dhuine acu siúd. Mar sin, shealbhaigh seisean agus a chuid cairde tacsaí dubh den chineál a shamhlaítear le Béal Feirste. Ansin, chuaigh siad ag tiomáint timpeall na bhFál le súil is go dtiocfaidís trasna ar Chaitliceach a d'fhéadfaidís a chimiú leis an IRA a bhrú chun a shaoirse a ligean le Cochrane arís. Nó sin é an tsiocair a bhí ag Murphy. Le fírinne, ní raibh i gceist aige ach an t-íobartach a chéasadh is a mharú mar ba ghnách leis, mar gheall ar an sult saobh Sádach amháin.

Ar an 23ú Deireadh Fómhair, bhí Joseph Donegan, siúinéir dífhostaithe, amuigh ag déanamh aeir. Fear neamhpholaitiúil ar fad a bhí ann nach raibh baint ar bith aige leis na paraimíleataigh, agus é ag caitheamh a chuid ama ag imirt púil agus ag ól i gcuideachta a chuid cairde. Nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón bpub go gairid i ndiaidh an mheán oíche, ní raibh súil ná coinne aige leis go raibh tacsaí bréige ag cúrsáil na bhFál ar lorg Caitliceach le fuadach. Chroith sé lámh i dtreo an chéad tacsaí dhuibh a chonaic sé chuige, ach b'é an mí-ádh a bhí air ná gurbh é Murphy agus lucht a leanúna a bhí ag tiomáint an tacsaí. Chuaigh Donegan ar bord agus dúnadh doras an ghluaisteáin ina dhiaidh. Ansin, thug an tacsaí a haghaidh ar cheantar na bProtastúnach, agus nuair a thug, thosaigh Murphy ag oibriú a dhoirne is a chos ar an bpaisinéir.

Thug drong Murphy an fear bocht go dtí teach folamh ina raibh cónaí ar Murphy roimhe sin. B'ansin a céasadh is a maraíodh é. An iarracht seo, chuaigh Murphy i dtuilleamaí greamaire leis na fiacla a bhaint de dhrandal an íobartaigh. Tharraing sé amach fiacail i ndiaidh a chéile, agus nuair a bhí Donegan básaithe sa deireadh, ní raibh ach cupla fiacail fágtha istigh – bhí Murphy tar éis an chuid eile acu a réabadh amach is a chaitheamh timpeall.

Bhí sé de mheabhraíocht i Murphy, áfach, a ainm a fhiafraí de Donegan sular mharaigh sé é. Ansin, chuaigh sé ag margáil leis na Caitlicigh, agus é ag tabhairt le tuiscint dóibh go raibh Donegan beo i gcónaí agus go mbeadh sé sásta é a mhalartú le Cochrane: dá ligfeadh an tIRA a anam is a shaoirse leis an Sáirsint, bheadh sé féin fonnmhar Donegan a scaoileadh saor. Bhí Murphy ag brath ar an gcorpán a chur i bhfolach taobh amuigh den chathair. Nuair a bhí a chuid cúlaistíní díreach leis an bhfear marbh a chaitheamh ar bhord gluaisteáin a d'iompródh as Béal Feirste é, chuaigh lánúin óg thar bráid. Shíl na sceimhlitheoirí go raibh an marbhán tugtha faoi deara ag an dís óg, agus chuaigh siad i scaoll: d'éalaigh siad béal a gcinn, agus d'fhág siad an corpán ina ndiaidh. Tháinig fir oibre de chuid na longcheártan trasna ar an marbhán nuair a bhí siad ag dul chun oibre an lá arna mhárach.

I ndiaidh na fionnachtana seo, d'achainigh muintir Donegan ar an IRA an Sáirsint Cochrane a scaoileadh saor mar sin féin, gan díoltas a imirt air as bás an ghéill Chaitlicigh. Ní raibh gar ann. D'fhág na Sealadaigh corpán Cochrane in aice leis an Teorainn beagnach seachtain i ndiaidh bhás Donegan.

Bás Murphy[athraigh | edit source]

Cé go bhfuair na péas amach go gasta an áit ar céasadh is ar maraíodh Donegan, níor éirigh leo Murphy a chiontú i ndúnmharú an fhir. Ó tharla go raibh cónaí ar Murphy san áit sin ní ba mhoiche, ní chiontódh lorg a chuid méar é: bheadh rian a lámh fud fad an tí cibé, cuma cé acu a bhí baint aige leis an gcoir nó nach raibh.

Mar sin, thit sé ar chrann na sceimhlitheoirí féin pionós a ghearradh do Murphy. Bhí an tUVF agus an tUDA ar aon fhocal go gcaithfeadh Murphy imeacht de dhroim an domhain. Bhí a chuid ainghníomhartha ag tarraingt na sluaite de phéas go dtí na plódcheantair Phrotastúnacha, agus iad ag smúrthacht timpeall is ag cur sonrú sna camghnóthaí a bhí idir lámhaibh ag na paraimíleataigh. An rud is annamh is iontach, bhí an tIRA agus an tINLA ag aontú leis na Dílseoirí air seo.

Ar an 16 Samhain 1982, bhí Murphy díreach ag páirceáil a chairr ar chúl theach a bhanchara, nuair a stop veain ghorm in aice leis. Phreab beirt fhear as an veain agus gach duine acu ag aimsiú a phiostail féin ar Murphy. Criathraíodh cloigeann agus colainn an bhúistéara mhóir le piléir, agus bhí se marbh a thúisce is a thit sé as a sheasamh.

B'iad na Sealadaigh a ghlac orthu freagracht as marú Murphy. Mar sin féin, bíonn teoiricí éagsúla ag dul timpeall faoi chúlra a bháis. Is iomaí duine a chreideann go ndeachaigh na Dílseoirí is na Poblachtánaigh i gcomhar le chéile le Murphy a chur chun báis.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • DILLON, Martín: The Shankill Butchers. A Case Study of Mass Murder. Arrow Books, Londain 1990.