Dúnmharú an Miami Showband

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí dúnmharú an Miami Showband ar na coireanna ba mhíchlúití dá ndearna na sceimlitheoirí Protastúnacha riamh in Éirinn. Ar an 31 Iúil 1975, dhúnmharaigh sceimhlitheoirí Protastúnacha triúr ceoltóirí de chuid an tseóbhanna úd Miami Showband, ó bhí daoine ón dá phobal ag freastal ar a gcuid ceolchoirmeanna. Rinne na Dílseoirí praiseach den dúnmharú féin, nó nuair a mhaidhm siad buama leis na ceoltóirí a mharú, fuair beirt fhear dá gcuidsean bás sa phléasc. Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair, 1976, gearradh príosúnacht cúig bliana déag is fiche do thriúr saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh (UDR), a bhí ina mbaill d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF).

Ba nós leis na seóbhannaí an tír a thaisteal agus a gcuid ceoltóireachta a dhéanamh beag beann ar an Teorainn, ach b'é an dearcadh a bhí ag na dearg-Dhílseoirí orthu "nach raibh ach ceol na reibiliúnach á sheinm acu". Thairis sin, bhíodh na gnáthóirí ag trasnú na Teorainne go minic le dreas ceoil a chloisteáil agus cúrsa damhsa a dhéanamh ar an taobh eile, rud a chuir isteach go mór ar na Dílseoirí, ó bhí sé ag treisiú leis an gcaidreamh trasteorann agus ag baint den scoilt idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann.

Maidir leis an Miami Showband, áfach, ní fhéadfá an locht seo a chur orthusan, nó bhí siad ag seinm amhráin Mheiriceánacha nach raibh ciall pholaitiúil ar bith leo in Éirinn. B'amhlaidh ba mheasa é, áfach, dar leis na Dílseoirí, ó tharraingíodh an cineál sin ceoil daoine óga aigeanta as an dá dhream reiligiúnda sa Tuaisceart, rud a bhí ag fabhrú don chaidreamh trasphobail.

Thug an Miami Showband uathu an ghig dheireanach sa Castle Ballroom i nDroichead na Banna, agus d'imigh siad leo le dhá ghluaisteán ag leathuair tar éis a dó réamhnóna. B'é an bainisteoir a bhí ag tiomáint veain an treallaimh, agus an cheolfhoireann féin ag taisteal ar an dara veain. Duine de na ceoltóirí, mar atá, an drumadóir Ray Millar, tháinig sé slán, ó bhí sé ag tiomáint a ghluaisteáin féin, agus é lena chodladh a fháil i dteach a thuismitheoirí in Aontroim.

Ag fágáil Dhroichead na Banna ina ndiaidh dóibh, chaithfeadh an cheolfhoireann stopadh ag seicphointe de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Nuair a ligeadh ar shiúl ón seicphointe iad, ghreamaigh gluaisteán de chuid na sceimhlitheoirí de veain na gceoltóirí. Bhí sí ag fanacht leo i leataobh páirceála.

I ndiaidh tamaill, stopadh veain na gceoltóirí ag seicphointe eile, mar a shíl siad féin, agus díríodh isteach i leataobh páirceála eile iad. An gluaisteán a bhí á leanúint, stop sí chomh maith. Ní raibh a fhios beo ag bainisteoir an bhanna céard a bhí ar na bacáin, ó d'fhág na sceimhlitheoirí ag tiomáint leis ar aghaidh é gan bacadh leis ar aon nós.

Dealraíonn sé gur phléasc buama na sceimhlitheoirí de thaisme, nuair a bhí na "saighdiúirí" in ainm is a bheith ag seiceáil veain na gceoltóirí. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Reisimint Chosanta Uladh, nó bhí siad ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh (UVF) freisin, an drong de sceimhlitheoirí Protastúnacha. Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus d'éalaigh Des McAlea trasna na bpáirceanna.

Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus iad ag caitheamh sainéide Reisimint Chosanta Uladh. Sa deireadh thiar, ciontaíodh triúr saighdiúirí eile, James Somerville, Thomas Crozier, agus James McDowell, i ndúnmharú na gceoltóirí. D'fhan siad i dtóin phríosúin go dtí gur scaoileadh saor iad i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]