Dál nAraidi Mag Line

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Príomh-theaghlach an Dál nAraidi ba ea Dál Araí Mhaigh Line (Sean-Ghaeilge Dál nAraidi Mag Line). D'fhéadfadh é gurbh ainm dhream dúchais é 'Line'. Bhí croílár an dáil suite i gContae Aontroma, agus Ráith Mór a ríchathair.[1] Faoin 10ú haois, bhí siad san áireamh i measc dhá thuath déag na nUlad.[2]

I mbarr a réime, síneadh a gcuid críoch faoi deisceart Chontae Aontroma agus tuaisceart Chontae an Dúin[3] agus san áireamh na tuatha Mhaigh Line, Dáil Bhuinne agus Dáil Sailne.[4][5] Glaodh níos déanaí Trian Congaill (Caech) air, ainm a glaodh in am trátha ar chríocha Clann Aodha Buí, clann Uí Néill a chloígh an cheantar sa 14ú haois deiridh.[3] Faoin 10ú haois, bhí Dál mBuinne san áireamh i measc dhá thuath déag na nUlad.[2] Tar éis ré na Lochlannach, Dál Sailni and its church at Conaire, the principal church of Dál nAraidi, was lost to the encroaching Uí Tuirtri.[5]

Bhí an ríchathair Ráith Mór suite gar do Loch nEathach, i bparóiste Dhún Uí Chorra.[1][6][7] Faightear an chéad taifead i nAnnála na gCeithre Máistrí faoin mbliain 680: Cath Ratha Móire Maighe Line.[6][8] Faoin 16ú haois, glaodh Ráth Mór Mac Ullin ar Ráith Mór. Dhóigh Art mac Aodha Uí Néill chun talún e sa bhliain 1513, agus níor athchóiríodh í ina dhiaidh sin.[7]

In aice le Ráith Mór bhí Ráith Beag. Tá fianaise ann gurbh é an suíomh inar mharaigh rí an Dáil nAraí agus na nUlad Áed Dub mac Suibni, an tArd-Rí Diarmait mac Cerbaill sa bhliain 565.[1][9]

Suíomh insealbhaithe de ríthe na nUlad den Dál Araí ba ea Cráeb Telcha, nasctha inniu de ghnáth le Craobh Thulcha gar do Lann Abhaigh.[10] Is amhlaidh gurbh é suímh insealbhaithe de ríthe an Dáil Araí féin, sular chrap a gcuid críoch sa 9ú haois.[10][11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Flanagan, ll. 98-99.
  2. 2.0 2.1 2.2 Dobbs (1945), lch. 78.
  3. 3.0 3.1 3.2 Atlas and Cyclopedia of Ireland - Contae Aontroma
  4. 4.0 4.1 Berry, lch. 9.
  5. 5.0 5.1 5.2 Charles-Edwards (2000), lch. 63.
  6. 6.0 6.1 6.2 Place Names NI - Rathmore
  7. 7.0 7.1 7.2 Berry, lch. 19.
  8. Annála na gCeithre Máistrí, M680.4
  9. 9.0 9.1 Place Names NI - Rathbeg
  10. 10.0 10.1 10.2 MacDonald, lch. 84.
  11. 11.0 11.1 Centre for Archaeological Fieldwork School of Geography, Archaeology and Palaeoecology Queen’s University Belfast. Data Structure Report: No. 056 Site Evaluation and Excavation at Crew Hill (Cráeb Telcha), near Glenavy, County Antrim 2007
  12. Onomasticon Goedelicum - G