Craos (banna)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCraos
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í)Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Rob Mulhern Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
SeánraCeol hip hap agus rapáil Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: craosband Youtube: UCb14Qqz8FxkXpl6bCikQfJQ Souncloud: craos-1 Cuir in eagar ar Wikidata

Is tionscnamh hip hap é Craos "a chuireann ríomh-bhuillí le liricí láidre agus a dhéanann cur síos lom ionraic ar an saol mar a fheictear do bheirt bhall an ghrúpa é."[1]

Póstaer stróicthe le líomhain a cheanglaíonn G4S le fulaingt mhuintir Ghaza
Glacann Craos seasamh radacach ina dtraic Muca maidir leis na Gardaí agus maidir le comhlachtaí príobháideacha slándála amhail G4S

Ciallaíonn craos an scornach ar leathadh[2] agus peaca marfach na sainte freisin, ar tagairt don Tíogar Ceilteach é.[3]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann Kneecap macalla as curfá Muca ina dtraic siúd CEARTA leis an líne "mar tá na muca móra mire sa tóir ar ár meon is beidh lucht Maigh gCabraí sa tóir ar mo thóin".

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2017 bhí Nialler9 ag iarraidh tuilleadh dá gcuid ceol.[3] Agus é ag trácht an dtraic Babaí, dúirt Chris Green ó 2FM "nuair a mbím ag éisteacht le Kendrick, sé an chaoi chéanna a mothaím nuair a mbím ag éisteacht leis an traic sin, bhí sé iontach."[4]

Fuair Craos ainmniúchán i gcomhair Ghradam NÓS in 2017 dá dtraic Babaí. In 2024, faoi chló eile (mar Súil Amháin + Rob Mulhern) fuaireadar ceithre ainmniúchán agus a thugadar leo an duais sa rannóg Amhrán na Bliana as An Murda Meais​í​n.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ben Ó Faoláin (28 Iúil 2015). "I gcraos an cheoil". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2018.
  2. Seán Óg Ó Caomhánaigh (Seán a’ Chóta). "Croidhe Cainnte Chiarraighe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-15. Dáta rochtana: 2024-04-28, 2024. (faoin cheannfhocal "craos")
  3. 3.0 3.1 Niall Byrne (21 Deireadh Fómhair 2016). "Nialler9's New Irish Music: Two Door Cinema Club, Faune, Sion Hill and more". Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-22. Dáta rochtana: 2024-04-28, 2024.
  4. "Chris Greene RTÉ 2FM - Babaí le Craos - Gradaim Cheoil NÓS (Irish / Gaeilge / Gaelic)" (12 Eanáir 2017).