Croidhe Cainnte Chiarraighe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCroidhe Cainnte Chiarraighe
Cineálfoclóir Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
EagarthóirSeán Caomhánach Cuir in eagar ar Wikidata

Is mórchnuasach é, Croidhe Cainnte Chiarraighe, de Ghaeilge Chorca Dhuibhne a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh (‘An Cóta’). Bhí sé seacht mbliana i mbun an tiomsaithe (1935-1942).

Ba as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne i gContae Ciarraí do Sheán a 'Chóta, fear a raibh Gaeilge den scoth aige agus sáreolas ar shaibhreas na Gaeilge.

Bhronn an Roinn Oideachais conradh ar Sheáin chun foclóir bunaithe ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne a dhíolaim, ach ní raibh súil ag an Roinn go mbeadh sé ollmhór, ach caithfidh go raibh Seán Óg thar a bheith díograiseach ina shaothar mar fhoclóirí.

Cé go raibh sé beartaithe ag an Roinn Oideachais an foclóir a chur i cló, ní dhearnadh é go dtí seo.

Is é, gan aon agó, an foclóir Gaeilge is mó riamh. Tá 60,000 ceannfhocal maraon le isteach is amach le dhá mhilliún focal, i naoi n-imleabhar is fiche san fhoclóir.

Agus an t-ábhar á leagan amach ag Seán Óg, fostaíodh Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha) chun eagarthóireacht a dhéanamh air.

Maidir le hábhar an tsaothair tá an oiread sin réimsí éagsúla clúdaithe ann – lena n-áirítear seanfhocail, seanráite, cora cainte, mallachtaí, beannachtaí, eascainí, giotaí as an mBíobla, dánta, amhráin agus scéalta. Ina theannta sin, faighimid léargas ar an saol a bhí á chleachtadh ag muintir na háite, ar chúrsaí polaitíochta comhaimseartha agus ar chlaontaí agus ar mheon an Chaomhánaigh féin san iliomad samplaí agus tagairtí ann.

Tá tábhacht stairiúil le Croidhe Cainnte Chiarraighe freisin mar scríobhadh é ag deireadh na 1930í agus tús na 1940í.

Is féidir na focail agus na habairtí a scríobh Seán Óg a fheiceáil ina litriú bunaidh, ar www.focloir.ie. A bhuí le hAPI a rinne an Dr. Caoimhín Ó Scanaill, le brú cnaipe, is féidir an litriú a thiontú go dtí an litriú caighdeánach.

Chuir an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad Croidhe Cainnte Chiarraighe ar fáil mar chomhad PDF, agus is comhad ollmhór é le breis agus 4,000 leathanach ann. Chaith Ní Mhaonaigh tamall fada i mbun na hoibre seo sa Leabharlann Náisiúnta, ag athscríobhna focail agus na nathanna a scríobh Seán Óg ó 29 gcóipleabhar.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Alt le Tracey Ní Mhaonaigh ar Comhar maidir le Croidhe Cainnte Chiarraighe. https://comhartaighde.ie/eagrain/3/nimhaonaigh/

• Alt ar Tuairisc.ie maidir le foilsiú Croidhe Cainnte Chiarraighe.https://tuairisc.ie/o-abhacht-go-utamalaidhe-ta-saibhreas-fhocloir-sheain-a-chota-ar-fail-ar-line/

• Éist leis an gCóta, leabhair maidir le Croidhe Cainnte Chiarraighe .https://www.litriocht.com/product/ist-leis-an-gcota/?lang=en