Costóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCostóg
Anthriscus cerefolium Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo dechervil (en) Aistrigh agus chevril oil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasAnthriscus
SpeiceasAnthriscus cerefolium Cuir in eagar ar Wikidata
Hoffm.
Ainmníocht
BasainmScandix cerefolium Cuir in eagar ar Wikidata

Is planda bliantúil (nó bliantóg) le gas cuasach díreach a fhásann 70 cm ar airde í an chostóg[1][2]. Tugtar an camán gall uirthi freisin.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A gais toll agus clúmhach os cionn na nód, agus na torthaí leathfhada mín[3].
  • Cuma na raithní ar na duiIleoga roinnte is na maotháin fo-roinnte ina dteascáin chaola leathfhada..
  • Chaerophyllum temulum
    Bláthanna bána, iompartha ar umbail suas le 5 cm ar leithead, a fhásann uirthi ina gcomhumbail bheaga oscailte, os comhair na nduilleog go minic.
  • Sleamhain leathfhada éilipseach a bhíonn na torthaí ingearacha agus goba fada caola ina mbarr.
  • Fástar go minic an chostóg ar son a duilleog cumhra, a úsáidtear mar bhlaiseadh.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúchasach don Oirdheisceart na hEorpa is ea an chostóg. Ach tugadh isteach i gcuid mhaith áiteanna eile í agus saothraítear go fairsing in áiteanna eile í. Bhuanaigh sí í féin mar phlanda fiáin ar thalamh díomhaoin I gcoiIlte agus faoi fhálta.

Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaerophyllum procumbens

Tá an chostóg fualbhrostach spreagthach díleách allasach agus glanann sí an fhuil. Is maith an íoc earraigh í. Óltar an tiosán chun na daitheacha, an gúta agus galar ae a mhaolú. Nitear an craiceann leis freisin, rud a thugann faoiseamh ó aicídí ainsealacha craicinn ar nós na heachma.

Chaerophyllum Sativun

Tá luibheanna leighis ann a bhfuil an-dealramh acu le plandaí nimhiúla. Samplaí maithe de luibheanna leighis an chostóg is an pheirsil ach tá siad an-chosúil le peirsil amaide atá fíor-nimhiúil  Is furasta an Pheirsil Amaide atá nimhiúil (Aethusa cynapium) a thógáil ina hamhlachas. Is fearr mar sin an chostóg shaothraithe a úsáid.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Anthriscus cerefolium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011
  3. Luibheanna Leighas le Pamela Forey, An Gúm (1999)