Corónú Shéarlais III agus Camilla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCorónú Shéarlais III agus Camilla
Íomhá
Cineálcoronation of the British monarch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Bealtaine 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAbtheach Westminster, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Suíomh gréasáincoronation.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata


Rinneadh ungadh agus corónú ar Rí Charles III Shasana agus Banríon Camilla ar 6 Bealtaine 2023. Ba é seo an daicheadú searmanas corónaithe i Mainistir Westminster.[1] Rinneadh Camilla, dara bean chéile an Rí Charles, a chorónú ina banríon chomh maith le linn na hócáide céanna.

Charles III Shasana agus a bhean

Searmanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Charles agus Camilla an Mhainistir i gcóiste órga a tógadh don Rí Seoirse a III.[2]

Leag Ardeaspag Canterbury agus ceannaire na hEaglaise Anglacánaigh coróin Naomh Éadbhard[3] (a rinneadh sa bhliain 1661) ar chloigeann an Rí Charles i Mainistir Westminster.[4] Cuireadh ola ungtha ar Shéarlas ar dtús. Ansin shuí sé ar an ríchathaoir.[5]

I ndiaidh scol trumpaí, lig an slua sa Mhainistir gáir mholta: "Dia leis an Rí Charles. Go maire an Rí Charles. Go maire an Rí go deo."


Bhí an searmanas taibhseachta a mhair dhá uair a chloig ar cheann de na hócáidí a ba shóúla agus ba mhaisiúla dá bhfacthas ó rinneadh Éilis a II a chorónú sa mhainistir chéanna 70 bliain ó shin i 1953. Cloiseadh an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury ag an searmanas.[6]

Tógadh an Lia Fáil go Londain

I ndiaidh an tsearmanais, d'fhág Charles agus Camilla an Mhainistir i gcóiste órga a tógadh don Rí Seoirse a III.[7] Chuaigh siad as sin go Pálás Buckingham faoi thionlacan 4,000 ball den arm ó 39 tír.

Níos déanaí, scaoileadh cúirtéis gunna ag Túr Londan agus in áiteanna eile sa chathair agus ar fud na Breataine, chomh maith le Gibraltar, Bermuda agus ar longa ar muir.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí breis is 2,000 aoi ar fad i láthair ag an searmanas. Tuairim is 100 milliún punt sterling a chosain an ócáid mhór an deireadh seachtaine seo.[8]

Bhí scáileáin mhóra curtha in airde ag roinnt údaráis áitiúla i dTuaisceart Éireann. Crochadh na scáileáin ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag Gairdíní Chaisleán Aontroma agus ar chladach Loch Bhéal Feirste i mBaile an tSiúrdánaigh.

Bhí go leor seó agus searmanais ag baint leis an gcorónú

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí amhras ag méadú ag an am i measc an phobail agus go háirithe i measc an aos óig, maidir le ról na monarcachta, i bhfianaise na ndeacrachtaí móra i sochaí na Breataine. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal.[5]

Tharraing an corónú conspóid san Albain go hairithe. Bíonn an Lia Fáil le feiceáil i gCaisleán Dhún Éideann de ghnáth. Ach ar 28 Aibreán, tógadh amach an Lia Fáil agus tugadh é go Westminster.[9].Shuigh an rí nua ar an gcathaoir le linn an tsearmanais.[4]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail an tUachtarán Michael D Higgins, agus a bhean chéile Sabina agus an Taoiseach Leo Varadkar ar an gcorónú i Mainistir Westminster., an chéad uair ag ceannairí an Stáit i bheith i láthair ag corónú mhonarc de chuid na Breataine. D'fhreastail an bheirt cheannaire chomh maith ar fháiltiú i bPálás Buckingham a eagraíodh mar chuid de shraith ócáidí a bhain leis an chorónú

Bhí baill de Shinn Féin i láthair ag an chorónú chomh maith. Dúirt Michelle O'Neill ar na meáin shóisialta gur mar Chéad Aire Ainmnithe ar Thuaisceart Éireann a bhí sí ag freastal ar an imeacht.[10] Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Síltear go dtéann traidisiún an tsearmanais siar chomh fada le ré Liam Concaire i 1066.
  2. ba eisean an rí deireanach ar choilíneachtaí Meiriceánacha na Breataine
  3. "St Edward's Crown" (as en) (2023-05-06). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-05-06). "Rí agus Banríon nua ar Shasana corónaithe i searmanas stairiúil" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Conradh na Gaeilge, Londain (6 Bealtaine 2023). "Corónú". Dáta rochtana: 2023.
  6. Nuacht RTÉ (3 Beal 2023). "‘Ní raibh aon fhadhb riamh agam léi’ – fáilte curtha ag Jeffrey Donaldson roimh úsáid na Gaeilge ag corónú Shéarlais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-06.
  7. ba eisean an rí deireanach ar choilíneachtaí Meiriceánacha na Breataine
  8. Nuacht RTÉ (2023-05-05). "An tUachtarán Higgins le bualadh le Rí Séarlas i Londain" (as ga-IE). 
  9. Reuters (2023-04-29). "Historic Stone of Scone reaches London for King Charles' coronation" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-05-06.
  10. Nuacht RTÉ (2023-05-06). "An tUachtarán agus an Taoiseach i Londain ag searmanas corónaithe" (as ga-IE).