Cló daigéarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cló daigéarach

Próiseas luath grianghrafadóireachta, a bhunaigh Louis Daguerre sa bhliain 1839, is ea an cló daigéarach (daguerreotype).

Ar dtús d'ullmhaítí leathán, plátáilte le hairgead, agus d'íograítí é le gal iaidín. Nochtaí é, le tréimhse fhada nochta, sa cheamara. Ansin réalaítí an íomhá tríd an leathán a chur os cionn mearcair théite. Ar deireadh bhuanaítí an íomhá tríd an leathán a thumadh i dtuaslagán salann boird.

Tháinig próisis níos sábháilte ina ionad sna 1850idí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cló daigéarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 144.