Louis Daguerre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Louis Daguerre, 1844

Péintéir is fisicí a rugadh i gCormeilles na Fraince ab ea Louis Jacques Mandé Daguerre (18 Samhain 178910 Iúil 1851). Ón bhliain 1826, i gcomhar le Nicéphor Niepce uaireanta, shaothraigh sé an ghrianghrafadóireacht agus d'fhionn próiseas luath a rinne grianghraf ar dhromchla miotail nó gloine. Ainmníodh as é: an cló daigéarach. Chuidigh sé le C. M. Bouton i bhfionnachtain an díoráma.