Iaidín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachIaidín

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Iaidín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachI
Uimhir adamhach53
Mais adamhach126.90447
Peiriad, Grúpapeiread 5
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe113.7
Fiuchphointe184.4
Leictridhiúltacht3
Ga ianach2.2, 0.44, 0.95, 0.42 agus 0.53
Stair
AimsitheoirBernard Courtois
Fionnachtain1811
Eapainmviolet (en) Aistrigh

Is é an t-iaidín dúil cheimiceach uimhir a 53 sa tábla pheiriadach, rud a chiallaíonn go bhfuil 53 phrótón i núicléas an iaidín. Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann don iaidín ná I. Níl an t-iaidín chomh haraiciseach chun imoibriúcháin agus na halaiginí níos éadroime (an fluairín, an clóirín agus an bróimín), ach mar sin féin, ní féidir teacht ar an iaidín sa dúlra nach mbeadh nasctha de dhúile eile i móilíní nó i gcriostail ianacha. Má aonraítear iaidín as na comhdhúile seo, gheofar criostail chrua dhubha a bhfuil imir nó loinnir chorcra iontu. Bíonn sé deacair iaidín a leá le gnáthbhrú an atmaisféir, nó is dual dó iompú go sciobtha ina ghás chorcra. Is minic a chreidtear go néalaíonn an t-iaidín go gás sula leáitear é, ach ní mar a shíltear a bhítear: le fírinne, leánn an t-iaidín ag 113.7 °C, agus is é an fiuchphointe ná 184.3 °C. Tá an t-iaidín - idir sholad, leacht agus ghás - comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha, I2.

Is féidir iaidín a thuaslagadh i dtuaslagóirí orgánacha, cosúil leis an gclóraform. Níl sé chomh sothuaslagtha san uisce, ach má chuirtear beagáinín d'iaidíd an photaisiam san uisce, ionas go mbeidh iain iaidíde I- le fáil sa tuaslagán, is féidir leis na móilíní iaidín imoibriú leis na hiain seo, ionas go gcruthaítear iain trí-iaidíde, I3-. Tá na hiain seo i bhfad níos sothuaslagtha ná na móilíní iaidín. Nuair a úsáidtear iaidín i ndíghalrú na gcneácha, is é an cineál iaidín a bhíonn i gceist ná an tuaslagán trí-iaidíde, uaireanta. Is minice a úsáidtear tuaslagán alcóil an iaidín, áfach.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an iaidín, mar atá, 127I, agus is é an t-aon iseatóp amháin - beagnach - a bhfuil teacht air sa dúlra. Bíonn iarsmaí beaga de 129I ar fáil in iaidín an dúlra uaireanta. Iseatóp radaighníomhach atá ann, ach tá a leathré níos faide ná cúig mhilliún déag de bhlianta.

Bíonn iaidín le fáil go nádúrtha i mianraí áirithe agus i sáile. Tá cineálacha áirithe feamainne, an cheilp ach go háirithe, saibhir in iaidín.

Cosúil leis na halaiginí eile, is dual don iaidín dul i gcomhdhúil leis an hidrigin, ionas go gcruthaítear iaidíd hidrigine, HI. Tá an gás seo sothuaslagtha san uisce, agus is aigéad láidir é. Tá dhá ocsaigéad ag an iaidín, mar atá, an t-aigéad iadach HIO3 agus an t-aigéad sáriadach HIO4. Ocsaídeoirí láidre iad. Is féidir leis an iaidín dul i gcomhdhúile leis na halaiginí eile, agus tá a leithéidí de chomhdhúile ann agus clóiríd an iaidín ICl, tríchlóiríd an iaidín ICl3, peinteafluairíd an iaidín IF5 agus heipteafluairíd an iaidín IF7. Mar a léiríonn na samplaí seo, is iad uimhreacha ocsaídiúcháin an iaidín ná -I, +I, +III, +V, agus +VII.

Teastaíonn iaidín, nó an t-ian iaidíde, ó orgánach an duine, nó is cuid thábhachtach é de na hormóin a tháirgtear san fhaireog thíoróideach. Mura bhfaighidh an duine a dhóthain iaidín, tiocfaidh ainglis air - is é sin, atfaidh an fhaireog thíoróideach. Thairis sin, creidtear go bhfuil baint ag easpa iaidín le cineálacha áirithe ailse.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]