Clóraform

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa chlóraformcomhdhúil shimplí den chineál ar a dtugtar na hidreacarbóin chlóirínithe. Is ionann an clóraform agus an tríchlóraimeatán, is é sin, tá an móilín cosúil leis an meatán, ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín curtha in áit trí cinn den cheithre adamh hidrigine i móilín an mheatáin. Is í foirmle cheimiceach an tríchlóraimeatáin ná CHCl3.

Go stairiúil, d'úsáidtí clóraform san ainéistéise, is é sin, chuirfí néal i gceann an othair le clóraform sula rachadh sé faoi scian an dochtúra. Tá priacal áirithe ag baint leis an úsáid seo, ós rud é gur féidir don othar taom croí (stad cairdiach) a fháil faoi thionchar an chlórafoirm. Mar sin, is fearr le dochtúirí an lae inniu ainéistéisigh níos sábháilte a úsáid.

Inniu, baintear leas as an gclóraform i ndéantús an teflon, is é sin, na polaiteitreafluaireitiléine - cineál plaistigh a sheasann teas ard agus a úsáidtear taobh istigh de na friochtáin. Mar sin féin, tá dainséir éagsúla ag baint leis an gclóraform, agus an tionsclaíocht cheimiceach ag iarraidh éirí as scun scan.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile