Ainéistéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá:Доктор Василий Веселаго (Франция).jpg
Ainéistéise

Modhanna chun othar a dhéanamh neamh-chomhfhiosach i gcomhair obráide, agus an próiseas a bheith sochúlaithe. Is féidir an t-ainéistéiseach a thabhairt trí ionanálú (mar shampla, haileatán, ocsaíd nítriúil), nó instealladh (mar shampla, tiapeantón, alfaxalón). D'fhionn Priestley ocsaíd nítriúil i 1776, agus úsáideadh í le blianta fada in aonaigh seó mar ghás gáire. Thairg Davy i 1799 gurbh fhéidir í a úsáid in obráidí mar gheall ar a hoibriú anailgéiseach. Faoi dheireadh i 1844 bhain an fiaclóir Meiriceánach Horace Wells (1815-1848) úsáid aisti go rathúil air féin chun fiacail a stoitheadh gan phian, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin bhain an máinlia Meiriceánach William Morton (1819-1868) feidhm aisti mar ainéistéiseach in obráid mhór. Tháinig ocsaíd nítriúil i ngnáthúsáid i ndiaidh 1860. D'fhionn Valerius Cordus (1515-1544) éitear i 1540, ach níor úsáideadh é mar anailgéiseach go dtí 1795, mar fhaoiseamh ar phian coileacaim. Bhain an máinlia Meiriceánach Crawford Williamson Long (1815-1875) feidhm as i mionobráid ar shiad muiníl i 1842. Fionnadh clóraform i 1831, agus d'úsáid an máinlia Albanach James Young Simpson (1811-1870) é mar ainéistéiseach ginearálta den chéad uair i 1847. Is leachtanna so-ghalaithe iad éitear is clóraform, agus is mar ainéistéisigh análaithe a d'úsáidtí iad. Feidhmíonn na gala seo ar fud na hinchinne, trí imoibriú le móilíní sailleacha le próitéiní i scannáin na gcealla, tuigtear. San aois seo úsáideann an t-ainéiséisí manglam ceimiceán chun leibhéal áirithe neamhchomhfheasa a bhaint amach a bhíonn cuí don othar is an obráid. Ní modh feidhmithe aonair atá i gceist leo seo, agus ní léir fós conas a fheidhmíonn siad go bunúsach. Ní úsáidtear ainéistéisigh insteallta ach i gcomhair obráidí an-ghearra. De ghnáth tugtar a leithéid don othar mar bhunainéistéiseach sa bharda chun a imní a laghdú agus an t-ainéistéisiú a bhrostú san obrádlann. Is í ainéistéiseolaíocht an disciplín leighis a dhíríonn ar gach gné den phróiseas seo. Is gá go mbíonn ainéistéisí i láthair le linn obráidí chun staid an othair a mhonatóiriú an t-am ar fad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainéistéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 24.