Bróimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bróimín
Siombail Cheimiceach Br
Uimhir Adamhach 35
Meáchan Adamhach 79.904(1) g·mol-1
Grúpa, Peiriad 17, 4, p
Dlús 3.1028 g·cm-3
Sraith Cheimiceach Halaiginí
Br-TableImage.png

Is é an bróimín dúil cheimiceach uimhir a 35, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Br. Ceann de na halaiginí é, agus mar sin, is dúil sách leictridhiúltach é - is é sin, tá sé de chlaonadh ann lucht diúltach leictreachais a ghlacadh chuige agus an leictreon a bhaint den dúil eile. Le brú is le teocht an tseomra, tá an bróimín ina leacht donndearg a bhfuil boladh láidir tachtach as. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an bróimín go dochrach ar na scamhóga, agus mar sin, is nimh é, agus é ina dhúil.

Ba iad an Francach Antoine Balard agus an Gearmánach Carl Jacob Löwig a d'aithin an bróimín mar dhúil ar leith, beag beann ar a chéile, i lár na 1820idí. Tháinig Balard ar bhróimídí i luaith feamainne ó na portaigh i gcóngar do Montpellier. Bhí an cineál seo feamainne - díreach cosúil le ceilp na hÉireann! - saibhir in iaidín, agus mar sin, dhóití é le hiaidín a tháirgeadh. Fuair sé amach go raibh an t-iaidín truaillithe le dúil anaithnid a bhí idir eatarthu idir an clóirín agus an t-iaidín, agus is é an t-ainm a bhaist sé uirthi ná muride, as muria na Laidine a chiallaíonn "sáile". Maidir le Löwig, d'aonraigh seisean bróimín as na salainn mhianracha in uisce an tobair áitiúil ina chathair dhúchais, Bad Kreuznach. Nuair a foilsíodh an leagan deifnídeach de thuarascáil thaighde Balard, bhí ainm na dúile athraithe go bróimín aige. Dúirt sé féin gurbh é "Monsieur Anglada", pé hé féin, a mhol dó an t-ainm a athrú. De réir foinsí eile, áfach, ba é an t-eolaí cáiliúil Francach Joseph Louis Gay-Lussac a cheap an t-ainm nua.

Móilín dé-adamhach é móilín an bhróimín agus é ina dhúil. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I, nó mar is dual do na halaiginí, tá seacht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus ní theastaíonn uaidh ach ceann amháin leis an ochtréad cobhsaí a bhaint amach. Ocsaídeoir láidir atá ann freisin, agus é ag imoibriú leis an gcuid is mó de na miotail le bróimídí miotail a dhéanamh.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an mbróimín, mar atá, 79Br (50.69 % de bhróimín an dúlra) agus 81Br (49.31 %). Tá meáchan adamhach an bhróimín suite timpeall ar 80 aonad, mar sin, ach níl an t-iseatóp 80Br le fáil sa dúlra. Le fírinne, is iseatóp as pabhar radaighníomhach é nach maireann a leathré ach ocht nóiméad déag.

Tá trí ocsaigéad ag an mbróimín, ach ní féidir aon cheann acu a aonrú - níl teacht orthu ach i dtuaslagáin uisce. Is iad an t-aigéad fobhrómúil HBrO, an t-aigéad brómach HBrO3 agus an t-aigéad sárbhrómach HBrO4. Cé nach bhfuil na haigéid féin cobhsaí, tá sé furasta go leor iain fhobhróimíte BrO- agus iain bhrómáite BrO3- a chruthú: nuair a thuaslagfar bróimín san uisce, gheofar iain fhobhróimíte chomh maith le hiain bhróimíde:

Br2 + H2O -> Br- + BrO- + 2 H+

Cosúil leis an ian fochlóiríte a chruthaítear ar an mbealach céanna i dtuaslagáin uisce an chlóirín, is ocsaídeoir láidir é an t-ian fobhróimíte, agus é ina thuarthóir mhaith. Má théitear an tuaslagán suas, áfach, gheofar iain bhrómáite, BrO3-. Ní féidir, áfach, an bróimín a ocsaídiú go sárbhrómáit BrO4- gan dul i dtuilleamaí fluairínózóin.